BAFTA buaite ag Úna Ní Dhonghaíle

Ní minic a bhíonn bua ag na Gaeil ag na gradaim BAFTA ach tá éacht déanta ag duine dár gcuid féin, Úna Ní Dhonghaíle, a bhain BAFTA ar son a ról mar eagarthóir ar an tsraith dhrámaíochta ‘Three Girls’ a craoladh ar an BBC.

Cé go bhfuil cónaí ar Úna anseo in Éirinn, caitheann sí go leor ama ag obair i Sasana. Is i Londain a thosaigh sí amach lena gairm agus anois tá clú agus caill uirthi agus ar a cuid saothar go hidirnáisiúnta.

Ní hiontas ar bith é mar sin go mbíonn Úna páirteach i dtógraí scannánaíochta iontacha amhail na sraitheanna clúiteacha ‘The Crown’, ‘The Missing’, ‘Ripper Street ‘agus ‘The White Girl’.

Ní hé seo an chéad ghradam atá buaite ag Úna nó tá IFTA buaite aici chomh maith as an scannán ‘Invisible Man', scannán a rinne sí bunaithe ar shaol a hathar féin. 

D’fhás athair Úna aníos sna Sé Chontae le linn na dTrioblóidí agus cuireadh i bpríosún é, gan chúis, gan é ach 16 bliana d’aois.

Ní raibh sé i bhfad gur ealaigh sé ach cha raibh cead aige dul ar ais go dtí na Sé Chontae ar feadh 30 bliain ina dhaidh sin, go dtí go bhfuair sé pardún.

Close
Close