An bhfuil baint ag tacaithe le gluaiseacht CLG i dtreo na gairmiúlachta?

Rónán Mac Niallais

Tar éis sé bliana seirbhíse do pheileadóirí Thír Chonaill, trí bliana mar bhainisteoir cúnta agus trí bliana mar bhainisteoir, tá an chríoch anordúil chonspóideach chéanna fulaingthe ag Rory Gallagher agus atá á fulaingt ag níos mó agus níos mó bainisteoirí idirchontae i ré nua seo CLG.

Tá cuid mhór cainte agus plé á dhéanamh ar an treo ina bhfuil CLG ag dul faoi láthair.

Mar gheall ar an chonradh le Sky, na ‘Super 8s’,  Baile Átha Cliath ag imirt tromlach a gcluichí i bPáirc an Chrócaigh, bainisteoirí ag fáil íocaíochtaí agus neart samplaí eile, tá go leor de chosmhuintir CLG den tuairim gur i dtreo na gairmiúlachta agus an tráchtálachais atá an t-eagras ag dul.

Treo ina mbeidh airgead ar an rud is tábhachtaí agus ina dtugtar neamhaird ar an seanduine i gceantar iargúlta a chaith 50 bliain ag obair go deonach sa chlub áitiúil.

Ceann de na rudaí a tharlaíonn nuair a théann spórt i dtreo na gairmiúlachta nó go gcaitear le daoine mar shóchmhainní mídhaonna.

Feiceann muid seo sa sacar nuair a bhíonn bainisteoirí agus imreoirí caite i leataobh go rialta muna bhfuil na torthaí cuí á mbaint amach gasta go leor.

An bhfuil muid ag dul síos an bóthar contúirteach seo in CLG agus an bhfuil Rory Gallagher ina íobartach aige?

D’éirigh Gallagher as mar bhainisteoir ar Thír Chonaill an tseachtain seo caite tar éis séasúr measartha a bheith aige le foireann ina raibh cuid mhór imreoirí nua.

Cé gur tháinig siad slán as Roinn 1 sa tsraith níor bhain siad an caighdeán céanna amach sa chraobh, ach fuair na himreoirí óga nua seo taithí agus tá gach seans ann go mbeidh feabhas air rudaí an bhliain seo chugainn.

Ní raibh seo maith go leor do dhaoine áirithe i measc lucht leanúna Dhún na nGall, áfach, agus bhí an t-uafás gearán á dhéanamh faoi Gallagher agus íde á thabhairt dó dá bharr.

Bhí roinnt de na gearáin bunaithe ar chúrsaí peile, agus b’fhéidir tuillte, ach bhí go leor den íde pearsanta agus chuirfeadh sé caint a chloisfeá i measc cuid den lucht tacaíochta i spóirt ghairmiúla i gcuimhe duit.

Tarlaíonn sé go minic sna spóirt seo go mbíonn deireadh le ré an bhainisteora nuair a thagann an brú ón lucht tacaíochta, gheobhaidh sé bata agus bóthar ón chlub nó siúlfaidh an bainisteoir féin ar aghaidh mar gheall ar an bhrú.

I gcás Gallagher, tá gach seans ann gur shocraigh sé féin an post a fhágáil mar cheap sé nach raibh an tacaíocht chuí aige ó lucht leanúna an chontae.

Ina ráiteas, dúirt sé nach raibh baint dá laghad ag na meáin shóisialta ná tuairimí daoine áirithe i measc an lucht tacaíochta lena chinneadh éirí as ach níl a fhios agam an féidir sin a chreidbheáil go hiomlán.

In agallamh eile dúirt sé go raibh tacaíocht aige ó imreoirí sinsearacha agus ó bhord an chontae, agus níl sé ach naoi mí ó shínigh sé conradh nua chun fanacht mar bhainisteoir go dtí deireadh 2019.

Leis an tacaíocht sin ar fad mar dhúshraith aige tá sé deacair a thuiscint cén fáth ar éirigh sé as.

B’fhéidir nach bhfuil an scéal ar fad cloiste againn ach ag breathnú air mar atá, chaithfeá a rá go raibh dlúthbhaint ag an bhrú ó dhreamanna áirithe le cinneadh Rory Gallagher.

Tá sé feicthe againn cheana féin in CLG go raibh imeoirí ábalta a gcumhacht a úsáid chun fáil réidh le bainisteoir.

Is bóthar dainséarach go leor é sin ach is féidir é a thuiscint ar dhóigh mar tá níos mó eolais agus tuiscint ag na himreoirí agus tá siad ag iarraidh an barr a bhaint amach.

An sampla é Gallagher de lucht tacaíochta ag úsáid a gcumhachta chun fáil réidh le bainisteoir?

Más ea, tá sé an-deacair é sin a thuiscint nuair a smaoinítear go raibh tacaíocht aige ó na himreoirí agus bord an chontae.

Má tá an cumhacht seo ag lucht tacaíochta CLG anois, cén difear idir muid agus an lucht tacaíochta atá ag clubanna móra sacair?

Má leanann muid linn síos an bóthar seo ní bheidh muid in ann cur i leith na n-údarás i bPáirc an Chrócaigh gur iadsan amháin is cúis leis an ghluaiseacht i dtreo an ábharachais, an tráchtálachais agus cultúir nach bhfuil luach ag aon rud seachas torthaí agus airgead.

Más tuar é scéal Gallagher ar cad é mar atá dearcadh na cosmuintire in CLG ag athrú, tá an chosmhuintir féin ciontach agus gníomhach sa ghluaiseacht seo i dtreo na gairmiúlachta.

Close
Close