'Acht Gaeilge Uladh': fuascailt na ceiste?

Concubhar Ó Liatháin   

An féidir le duine ‘Albainis Uladh’ a fhoghlaim?

An mbíonn ranganna in aon áit a thabharfadh deis do dhuine Teastas Eorpach in Albainis Uladh a bhaint amach?

Ritheann an cheist sin liom agus mé ag déanamh mo mhachnaimh ar an aighneas atá ann faoi cé acu ar cheart go gcuirfí Albainis Uladh san áireamh in Acht Teangacha seachas reachtaíocht ar leith bheith ann chun an Ghaeilge amháin a chosaint agus a chur chun cinn.

Tá ranganna Gaeilge ann ar fud na sé chontae.

Tá Gaelscoileanna ann, stáisiún raidió, cultúrlanna (go fóill ar aon nós), agus iliomad míreanna eile fianaise ann go bhfuil pobal Gaeilge ann a bhfuil cosaint de dhíth air.

Thairis sin tá gluaiseacht ann, an Dream Dearg agus Pobal, atá le chéile ionadaíoch ar an bpobal Gaeilge agus tá siad ag éileamh Acht Gaeilge ar ár son.

Mar gheall air sin tá formhór na bpáirtithe polaitiúla ag tacú leis an éileamh ar son Acht Gaeilge.

Ar thaobh na hUltaise de, níl a leithéid ann.

An t-aon dream neamhpholaitiúil a rinne éileamh ar son cothromais don Albainis Uladh agus cosaint reachtúil dá réir ná an Boord o’Ulster Scotch - ach má fhéachann tú ar shuíomh idirlín an Bhoird féin, níl ach ainm an bhoird in Albainis Uladh.

Tá gach rud eile i mBéarla amháin.

Ach tá an DUP ag éileamh go mbeadh cothromas ann idir an Ghaeilge agus Albainis Uladh agus tuigtear dúinn go bhfuil an páirtí ag tairiscint Acht Cultúir a chuimseodh an Ghaeilge, Albainis Uladh agus an “cultúr oráisteach”.

Agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil leamhsháinn ann.

Níl Sinn Féin [ná an SDLP] sásta géilleadh nach mbeadh Acht Gaeilge ann seachas Acht Cultúir.

Is cosúil go bhfuil líne dhearg leagtha acu faoin éileamh sin.

Tá sé deacair a chreidiúint go hiomlán nach bhfuil ar bun ag an DUP ach iarracht Acht Gaeilge a bhlocáil.

Sa chéad dul síos dúirt siad gur margadh - ná raibh aontaithe leis an DUP - idir Rialtas na Breataine agus SF a raibh sa gheallúint i gComhaontú Chill Rímhinn i 2006.

Ag an am chéanna, bunaithe ar an gcomhaontú sin, chuaigh an DUP isteach i socrú roinnte cumhachta le SF agus a fhios acu go raibh an fhoráil sin sa chomhaontú.

Ansin bhí an chaint go léir faoi chostas - mhaígh Nelson McCausland go gcosnódh forálacha an Achta suas le £100m sa bhliain.

Ansin bhí Arlene Foster ag maíomh gur £30m sa bhliain a chosnódh sé.

Tháinig Conradh na Gaeilge chun tosaigh le figiúirí inar maíodh nach gcosnódh sé ach thart ar £19m san iomlán thar chúig bliana.

Dar le Pobal, áfach, is botún é meastúchán ró-íseal a lua leis an reachtaíocht.

Sa chéad anáil eile, áfach, bhí an DUP ag lorg go mbeadh Albainis Uladh agus an Cultúr Oráisteach san áireamh agus, go deimhin, cúnant a thabharfadh tacaíocht d’iarbhaill fhórsaí armtha na Breataine atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann.

Céard eile a dhéanfadh a leithéid ach cur leis an gcostas agus cur leis go súntasach?

Tá fianaise ann, anuas air sin, a thugann le fios go bhfuil go leor sa phobal aontachtach - agus comhairleoirí sa DUP go háirithe - atá míshásta go mbeadh acht ann a thabharfadh tacaíocht don Albainis Uladh mar go mbeadh cosaint reachtúil don Ghaeilge ann freisin.

Bhí eagarfhocal sa Belfast Newsletter a thug an méid sin le fios go neamhbhalbh, ag maíomh go raibh ionannas Briotanach na sé chontae faoi bhagairt ag an moladh go mbeadh aon chosaint reachtúil ann don Ghaeilge.

Maíonn an DUP nach bhfuil cosaint de dhith ar an nGaeilge, nach bhfuil aon chosc ar dhaoine í a fhoghlaim is go bhfuil sí á múineadh i scoileanna is eile.

Is léir ón gcinneadh a rinne Paul Givan deireadh a chur le deontas Líofa roimh an Nollaig (agus, roimhe sin, an diúltú ag Aire SFach cead a thabhairt do dhaltaí Choláiste Feirste taisteal ar bhusanna ó thuaisceart Bhéal Feirste agus báilte ar nós Dún Pádraig, in ainneoin go raibh an cead sin ag daltaí i meánscoileanna Bhearla) is léir go bhfuil cosaint de dhíth.

Go deimhin bhí ar thuismitheoirí dul chun na cúirte chun tabhairt ar an Roinn Oideachais, faoi aire SFach, géilleadh ar cheist na mbusanna.

Mar a dúirt mé, tá leamhsháinn ann.

Ach tá bealach éalaithe ann, dar liom ar aon nós.

Ós rud é go bhfuil an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ann agus cosaint eagsúil don Ghaeilge (faoi Cuid 3 den Chairt) agus don Albainis Uladh (faoi Cuid 2), tá réamhshampla ann don chuma a d'fhéadfadh bheith ar reachtaíocht.

Níl aon chúis nach bhféadfaí acht amháin a bheith ann agus codanna éagsúla a dhéanfadh riar ar an nGaeilge agus ar an Albainis Uladh faoi seach.

Cuid den fhadhb anseo, an t-amhras stairiúil atá ann i leith na  hAlbainise, amhras a nochtar nuair a chuimhnítear ar an aicíd atá i measc réimsí éagsúla de na húdaráis agus na meáin cothromas bréagach a chumadh idir an Ghaeilge agus Albainis Uladh.

Is cuid den chluiche ‘sinne agus iad’ a imrítear go buan ó thuaidh.

Fiú nach bhfuil suim ag pobal na Gaeilge ina leithéid, táimid curtha amach ar an bpáirc imeartha inár n-ainneoin.

Uaireannta bím den tuairim go bhféadfaimis ár dteanga a úsáid chun an fhadbh seo a fhuascailt.

In áit ‘Irish Language Act’ a lorg, d’fhéadfaimis bheith ag éileamh Acht Gaeilge Uladh/Ulster Gaelic Act.

In áit bheith ag caint faoi Albainis Uladh, agus macalla na tuisceana sé chontae-ach de ‘Chúige Uladh’ a dtagraíonn aontachtaithe dó, d’fhéadfaimís tagairt a dhéanamh do Albainis na hÉireann.

Ar chúl na smaointe sin tá an rún gur cheart do lucht na Gaeilge sealbhú a dhéanamh ar cheist na hUltaise freisin.

Fiú mura n-aontaímid gur teanga í seachas canúint, is cosúil go bhfuil sé rómhall Gaeilge agus Albainis Uladh a scarúint óna chéile.

Tá sé róluath go fóill, is cosúil, bheith ag súil go bhfeicfidh polaiteoirí aontachtacha solas an lae agus go dtuigfidh siad gur ar leas an Aontais a bhfuil siad mór leis go mbeadh cothromas ag teangacha mionlaigh Thuaisceart Éireann, na hAlban agus na Breataine Bige.

Má tá orainn fanacht ar an lá go nochtar an tuiscint sin dóibh, beidh fanacht fada orainn.

Close
Close