Moltaí Mamaithe don Samhradh

Moltaí Mhóna Uí Dhochartaigh 

“Is aoibhinn beatha an mhúinteora” a dúradh linn agus muid ag ullmhú don scrúdú A-Leibhéil!

Ocht seachtaine de shaoire i rith an tsamhraidh agus múinteoirí ar fud na tíre ar a sáimhin só, gan cóipleabhair le ceartú, gan ceachtanna le pleanáil...

Is dócha nach bhfuil bunús na múinteoirí sa tír i bhfách leis an dearcadh sin ar chor ar bith, ach cluinim an mana seo ó thuismitheoirí na scoile ag deireadh mhí an Mheithimh gach bliain agus iad imníoch, buartha, cráite ag iarraidh smaointiú ar dhóigheanna leis na páistí a choinneáil gnóthach, sona agus chomh suaimhneach agus is féidir sa dá mhí fhada atá amach rompu!

Ach cad é faoi na múinteoirí, mo mhacasamhail féin, atá ina ‘mamaithe’ fosta? Bíonn sé doiligh an dá jab a scaradh óna chéile!

Bhuel seo chugaibh mo chomhairle daoibh, a rachaidh chun sochair don teaghlach i rith an tsamhraidh agus a bheas ina chuidiú ag páistí agus iad ag pilleadh ar scoil, chun ‘cailliúint foghlama an tsamhraidh’ a laghdú.

Leanaigí leis an fhoghlaim i rith an tsamhraidh!


1. ‘The Big Summer Read’

http://www.librariesni.org.uk/big-summer-read/Pages/default.aspx
Tabhair cuairt ar an leabharlann uair sa tseachtain. Tá scéim léitheoireachta an tsamhraidh faoi lán seoil ag na leabharlanna faoi láthair, rud a thugann sprioc do pháistí leanstan leis an léitheoireacht i rith an tsamhraidh. Agus mar a dúirt Einstein, “Má tá tú ag iarraidh go mbeidh do pháistí cliste, léigh finscéalta leo. Má tá tú ag iarraidh go mbeidh siad níos cliste arís, léigh a thuilleadh scéalta leo”.

2. Seachain na scáileáin!

Is áiseanna iontacha iad na gléasanna leictreonacha agus is beag teaghlach anois a bheadh ábalta bheith beo gan wifi! Ach níl sé sláintiúil do pháistí bheith ina suí os comhair scáileáin ar feadh uaireanta fada gach lá. Cuireann sé bac ar an tsamhlaíocht, bac ar fhorbairt na scileanna sóisialta agus bac ar an fhorbairt fhisiceach. Bíonn rial sa teach s’againne thar an samhradh nach mbeidh ‘am scáileáin’ tuillte acu go dtí go mbeidh uair a’ chloig súgartha nó aclaíochta déanta acu taobh amuigh faoin aer, leathuair léitheoireachta agus leathuair glantóireachta / jabanna beaga a bheas ina chuidiú thart faoin teach – an jab is fearr sa teach s’againne ná na stocaí a mheaitseáil :-).

3. Na Campaí Samhraidh

Tá deiseanna iontacha ar fáil le bheith ag freastal ar champaí samhraidh d’achan sórt a spreagann an aclaíocht, an Ghaeilge agus gnéithe eile den chultúr, an ceol traidisiúnta ina measc. Tugann na campaí seo deis do pháistí bualadh lena gcomhaoisigh agus do na Gaelscoláirí ina measc, (atá ró-óg le bheith ag freastal ar chúrsa Gaeltachta), tá go leor deiseanna ar fáil ag na campaí seo chun an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacs sóisialta, sultmhar, spraíúil, a spreagann páistí leis an Ghaeilge a labhairt go nadúrtha taobh amuigh den tseomra ranga.
http://campachormaic.com/
https://www.kelloggsculcamps.gaa.ie
http://tyronegaacentre.com/tyrone-gaa-summer-camps
https://www.facebook.com/profile.php?id=100008066475132&fref=ts 

4. Tabhair cuairt ar an Ghaeltacht

Tá rud éigin draíochta fán turas sin thart ar chúl an Earagail ar an bhealach isteach go Dún Lúiche, go háirithe dúinne a chaith seal ag na coláistí samhraidh le linn ár n-óige. Tá go leor ar fáil i gceantar na Rosann anois a mbainfeadh páistí sult as agus a chuirfeadh an síol iontu a cuireadh ionainn féin agus muid ag foghlaim na Gaeilge (ní déarfaidh mé fadó) roinnt blianta ó shin! Bainfidh na páistí an-sult as tráthnóna a chaitheamh fá Ionad Chois Locha, fán trá ag an Charraig Fhinn, ag tabhairt cuairt ar Bhád Eddie, nó go díreach as a gcuid uachtair reoite a ordú as Gaeilge i Siopa Uí Ghallchóir!

5. Déan réidh don scoilbhliain nua!

Tá go leor scileanna beaga de dhíth ar pháistí (nach bhfuil luaite sa churaclam) a dtig le tuismitheoirí iad a chleachtadh leis na páistí thar an samhradh (ar dhóigh iontach nadúrtha, neamhfhoirmeálta) a rachaidh chun sochair dóibh (agus dá múinteoirí) ag iad ag pilleadh ar scoil.

Ar ndóigh, bíonn na scileanna beaga seo ag brath ar aois an pháiste agus an leibhéal scolaíochta, ach seo roinnt samplaí daoibh, ó mo thaithí féin:

• Bheith in ann a gcóta a chur orthu / a bhaint gan chuidiú
• Bheith ábalta iallacha a cheangal
• Sórtáil a dheanamh ar na soithí / ar sceanra / ar stocaí srl.
• Airgead a láimhseáil / a shórtáil de réir datha / crutha / luacha srl. nó boinn éagsúla a úsáid chun 50p/£1 a dhéanamh
• A gcuid éadaí a athrú go neamhspleách ag an linn snámha ( is cleas ar leith é do pháistí a ndroim a thriomú gan cuidiú ó mhamaí)
• Leabhair a láimhseáil agus a phlé maidir le húdar, maisitheoir, líon na gcaibidlí srl.
• Na táblaí iolraithe a chleachtadh agus teisteanna luais a dhéanamh gach seachtain
• Aire a thabhairt agus ord agus eagar a  chur ar a gcuid ‘stuif’ féin - beidh i bhfad níos lú scairteanna agat ón Mheánscoil i mí Mheán an Fhómhair lena rá go ‘ndearna Jimmy beag dearmad ar a chuid éadaí spóirt!’

Thar aon rud eile, bainimis sult as laetha fada an tsamhraidh (bíodh siad grianmhar nó fliuch) mar de réir mar a théann gach samhradh isteach agus téann siad isteach go gasta, éiríonn na daoine beaga seo bliain níos sine! Agus i bhfaiteadh na súl, beidh siad ag imeacht leo, mar a rinne muid féin, ar bhus Feda nó ar bhus John Mc Ginley ar a dturas Gaeltachta féin!

Moltaí Myra Zepf

Cinnte, bíonn Clann Stark i gCluiche na gCorónach ag tabhairt rabhaidh dúinn go bhfuil an geimhreadh ag teacht, ach tá a fhios ag gach tuismitheoir gurb iad laethanta saoire an tsamhraidh a chuireann critheagla orainn.

Laethanta fada ag síneadh amach romhainn, páistí dubh dóite agus pócaí folmha ag iarraidh iad a choinneailt sásta. Mar sin de, seo chugaibh roinnt moltaí nach gcosnóidh pingin rua.

1. An Choill

Níl páirc súgartha ar domhan inchurtha léi. Lig dóibh éirí salach agus fiáin, ag cuartú bataí adhmaid agus feithidí srl. (Ní thuigim cén fáth ach tá na bataí an-tábhachtach.) Tabhair leabhar agus fleasc caifé leat.

2. Dreap sliabh

Tá Binn Uamha nó Duibhis go hiontach le páistí má tá tú fá Bhéal Feirste. Tá síogaí ina gcónaí ag bun Shliabh gCuilinn (https://www.ringofgullion.org/). Nó má tá dushlán uait, ar aghaidh libh go Sliabh Dónairt. Ach bíodh seacláid leat don cheann scríbe – is iontach an sprioc an tseacláid!

3. Iarsmalann

Nuair a thiteann an bháisteach, gabh chuig an iarsmalann. Tá Iarsmalann Uladh saor in aisce. Tá na seomraí gníomhaíochta go hiontach, agus ar ndóigh Takabuti an mumaí agus na dineasáir. Tá treoir-léarscáil do pháistí acu i nGaeilge.

4. Scáileáin

Beidh na páistí ag iarraidh seal ar na gléasanna digiteacha ina dhiaidh sin uilig. Ach in áit cluichí, tabhair tasc cruthaitheach dóibh – ag déanamh beochán íomha ar íomha le Lego mar shampla. (Tá aip saor cosúil le Stopmotionmaker de dhith. Glacann an obair seo na huaireanta dóibh, ahem) nó ag taifead físeán ar leithéidí iMovieMoviestar.

5. Obair

Má theipeann ar gach rud eile, cuir ag obair iad. I ndáiríre! Dá bhfeicfeá na scileanna glantóireachta atá ag páistí nuair a luaitear 50p…

Close
Close