“Is fearr bheith singil ar Lá Fhéile Vailintín”

Ciara Ní Éanacháin

Nuair atá Lá Fhéile Vailintín ag druidim linn is minic a chruthaíonn na meáin scoilt inár measc.

Tá tú tógtha nó singil; sásta nó brónach; ar coinne nó sa bhaile. Ach ní gá go mbeadh sé mar sin.

Gach uile bhliain bím sásta nuair a fheicim na maisiúcháin dhearga á gcrochadh sna siopaí ag deireadh mhí Eanáir. Ní fada ina dhiaidh sin go mbíonn an t-earrach tosaithe agus Dry January thart! Wúhú!

Faoi dheireadh, stopfaidh daoine an chaint leadránach faoina n-aistí bia uaillmhianacha agus ligfidh siad dom mo bhrioscaí a ithe faoi shuaimhneas.

Tuigim go bhfuil daoine ann a bhíonn ag gearán nach fíor-fhéile í; gur chruthaigh Hallmark an lá ar mhaithe le cúpla cárta a dhíol.

Is lá é seo ar a mbíonn taispeántais grá beagnach riachtanach. Ní haon ionadh nach bhfuil sé fíréanta.

Smaoinigh go hionraic ar fhéilte ‘cearta’, m.sh. an Nollaig, an Cháisc, nó ár mbreithlaethanta.

Tá siad uilig sáite báite sa tráchtálachas agus tomhaltachas céanna. Ar a laghad níl éinne ag ligint orthu go bhfuil aon rud taobh thiar de Lá Fhéile Vailintín. Ní raibh cúis láidir againn ár gcuid airgid a chaitheamh i mí Feabhra. Anois tá.

Má tá tú dúr go leor le cloí leis, a bheith ag ceapadh gur droch-pháirtí thú mura gcaitheann tú do chuid airgid ar bhronntanas chomh neamh-shamhlaíoch le rósanna, Champagne agus bosca seacláidí, tá an locht ort féin.

Ag an Nollaig, smaoiníonn muid uilig fúthu siúd nach bhfuil chomh maith as linne. Anois i mí Feabhra, cruthaíonn na meáin grúpa nua atá thíos leis – na daoine singile.

Bíonn trua ag na hirisí is nuachtáin araon dóibh, agus iad ag glacadh leis go bhfuil siad uilig in umar na haimléise. Glacann siad leis go bhfuil chuile dhuine ag caitheamh i ndiaidh páirtí, agus go mbeidh siad uaigneach agus brónach ar an 14ú lá.

Tá an dearcadh sin leamh agus leadránach.

Dar leo nach mbaineann an lá seo, atá ag ceiliúradh an ghrá, le saol an duine shingil. Mar a fheicimse é, tá sé níos fearr a bheith singil ar an lá seo.

Má smaoiníonn tú faoi, tá cártaí Vailintín (FÍOR-chártaí Vailintín atá anaithnid) dírithe orthu siúd nach bhfuil i gcaidreamh. Tá sé corraitheach agus rómánsúil.

Ach tá sé neamhchoitianta. Dár ndóigh, beidh daoine singile ann nach bhfaighfidh cártaí. Cén chaoi a bhfuil siadsan ceaptha taitneamh a bhaint as an lá? Tharla sé dúinn uilig uair éigin.

Sea, fiú domsa, cé gur sheol mo thuistí cárta ‘anaithnid’ chuig mo dheirfiúr chuile bhliain, ní dhearnadar a leithéid domsa riamh.

Anois, más é sin toisc go ndearnadar dearmad go raibh mé ar an saol (féach freisin An Uair Go nDearna Siad Dearmad Mé a Bhailiú ón Linn Snámha, 1997) nó toisc gur thuig siad, neamhchosúil le mo dheirfiúr, nach mbainfinn taitneamh as an gcleachtadh, níl a fhios agam go fóill.

Ar aon chaoi, mura bhfaigheann tú cárta, a dhuine shingil, ná déan dearmad nach dtagann cártaí ina n-aonar. Bíodh sé mar ábhar sóláis agat na rudaí eile nach bhfaigheann tú.

Dá mbeifeá ag fáil cárta, is dócha go mbeifeá i gcaidreamh de chineál éigin. Agus dá mbeifeá i gcaidreamh, bheadh míbhuntáistí leis an lá, cinnte.

Dá mbeadh an caidreamh nua go leor, duine ar bhuail tú leis i bpub uimhir a ceathair de ‘twelve pubs’ na Nollag b’fhéidir, duine lenar chaith tú Eanáir ar fad, ag roinnt an duvet-agus-DVD combo, ag cur críche leis an mbosca Roses; bhuel i gcaidreamh den fhad sin, bheadh Lá Fhéile Vailintín ina dhuarcán ceart.

Ní bheadh sibh in ann neamhaird a dhéanamh air, áfach. Ní bheadh tada le déanamh agaibh seachas cártaí £2 ó Poundworld a cheannach dá chéile (iad pioctha go cúramach toisc nach bhfuil an focal ‘grá’ scríofa orthu) agus dinnéar a ithe le chéile ag meán-bhialann, ní ró-fhoirmeálta, nó ró-shaor.

D’fhéadfá bheith i gcaidreamh níos fadtéarmaí. Bheadh sibh compordach lena chéile, nach mbeadh? Agus bheadh cárta deas faighte agat ansin, cinnte? Agus bialann dheas?

Ho-ho-ho, nach tusa atá ag súil le go leor? Díreach ansin, bhí tú ag súil leis an méid sin ó pháirtí hipitéiseach, gur chum mé abairt amháin ó shin. Deirfinn go mbeifeá ag súil lena bhfad níos mó ó fhíorphairtí. Is iad daoine cosúil leatsa croílár na faidhbe!

Is cuma cad a bheadh ar siúl agat ar aon nós, bheadh páirtí duine eile théis rud éigin níos deise a dhéanamh. Beidh i gcónaí beirt eile níos áthasaí. Más i gcaidreamh thú, spreagann an lá seo thú chun comparáid a dhéanamh, a bheith ag ceistiú.

Mar dhuine singil, tá tú saor. Níl tú ag tnúth le tada, níl éinne ag súil le go ndéanfá tada, agus níl ort a bheith páirteach sa bhféinscrúdú dosheachanta sin.

Ar ndóigh, tá mé ag cruthú íomhá an-diúltach ar fad anois de bheith i gcaidreamh.

Glacaim leis go bhfuil sé go hálainn an chuid is mó den am; ach ní nuair a cheapann daoine go bhfuil orthu cártaí, bláthanna, agus a leithéid a cheannach díreach toisc an dáta atá scríofa ar an bhféilire.

Ach bíodh do dhearcadh féin agat air, agus déan cibé rud gur mhaith leat. Beidh mise suite ar an tolg i m’éadaí codlata, le bosca mór seacláidí ceannaithe agamsa, domsa.

Ach, i ndáiríre sin díreach toisc go dtiteann sé ar an Aoine i mbliana agus bheartaigh mé gan briseadh le gnáth-chleachtas na hAoine.

Close
Close