Éire mar Uachtarán ar Eoraip scoilte

Éire mar Uachtarán ar Eoraip scoilte
Brat an Aontais Eorpaigh
Brat an Aontais Eorpaigh

Gearóid Ó Muilleoir

Tá Enda Kenny agus a rialtas i lár an aonaigh agus Uachtaránacht na hEorpa ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh acu.

Ó thús na bliana go dtí Mí an Mheithimh, beidh na Mercs móra le feiceáil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus polaiteoirí is státseirbhísigh na mór-roinne inár láthair. Tá Enda agus Éamonn ar bís.

Seo Cluichí Oilimpeacha agus Corn an Domhain s’againne.

Tá an tiarna talún ag tabhairt cuairte ar dhuine dá thionóntaí is boichte, agus beidh na cupáin is deise á dtabhairt amach ón chófra dó.

Thig linn ár dtír ghalánta a thaispeáint do mhóruaisle na hEorpa, iad a thabhairt chuig Caisleán Bhaile Átha Cliath agus rogha gach bí Ghaelaigh a chur os a gcomhar, mar a rinne ríthe Fhódhla riamh anall.

Ach mar a bheadh Maire Antoinette agus uaisle eile na hEorpa ann dhá chéad bliain ó shin, caithfear a bheith cúramach nach ligfí polaiteoirí agus státseirbhísigh na hEorpa ró-ghar don chosmhuintir.

Mar feicfidh siad pobal nach bhfuil ar a gcompord, daoine atá ag streachailt leis an saol, glúin atá ag iomrascáil le fiacha móra agus ar an dé deiridh.

Feicfidh siad tír ar a cuid glúine.

Agus is iad na daoine atá sna Mercs sin is cúis leis an anró.

Tá bolscaireacht iontach thart ar an Aontas Eorpach.

Níl easpa tallainne ann nuair atá siad ag cur feachtais le chéile.

Stampa - Éire agus an tAE
Féach an stampa snasta a foilsíodh an tseachtain seo mar shampla.

Tá onóir agus stádas ag baint leis an sé mhí seo ina mbeidh Éire ina hUachtarán ar an Chomhairle.

Seo an seachtú huair dúinn a bheith mar Uachtarán, ach ní raibh an tAontas riamh chomh mór ná chomh cumhachtach is atá sé faoi láthair.

Ach fós féin, ní raibh riamh bearna chomh mór ann idir an tAontas agus na daoine atá á riail acu.

Deir rialtas na hÉireann gur mhaith leo béim a chur ar fheachtas amháin i rith na hUachtaránachta – an dífhostaíocht.

Is mithid sin, mar is iad polasaithe an Aontais Eorpaigh a chruthaigh an dífhostaíocht sin sa chéad dul síos.

Ní bheadh mórán ag léamh an chláir oibre a leag rialtas na hÉireann amach faoi thosaíochtaí na leath-bhliana seo, ach ba chóir suntas a chur i rud amháin ann.

Ní minic a bhíonn aon chonspóid i gcáipéis oifigiúil mar seo. Go fírinneach ní léann ach na daoine a chuireann le chéile í, fiú go mbeidh sí ar fáil i ngach comhad preas agus gach oifig rialtais san Eoraip.

Ach luann sé rud amháin atá ag cur imní ar pholaiteoirí na hEorpa agus ag teacht idir iad agus codladh na hoíche.

Rud chomh tromchúiseach sin go ndearfadh comhairleoirí maithe polaitíochta leat nár chóir a luath i scríbhinn ar bith. Go bhfuil “glúin chaillte” acu.

Deir an cháipéis féin: “Caithfimid ‘glúin chaillte’ d’Eorpaigh a sheachaint mar gheall ar na hiarmhairtí diúltacha idir phearsanta agus shóisialta a bheadh i gceist leis sin feadh an Aontais.”

Má tá sé luaite acu, is cinnte gurb ann don ghlúin chaillte sin – glúin an aosa óig – cheana féin.

In Éirinn, tá siad caillte go fisiciúil go dtí an Astráil, nó bheadh céatadán dífhostaíochta na n-óg i bhfad thar an 29.7% atá sé.

I dtíortha nach mbíonn an imirce ina tréith shuarach náisiúnta, is amhlaidh is measa an scéal. Sa Ghréig, tá 57.6 faoin chéad den aos óg gan obair agus sa Spáinn tá sé ag 56.5 faoin chéad.

Tá glúin caillte acu, ach tá tíortha ina n-iomláine caillte fosta. Tá an scoilt san Eorpach mar a bhí sí in am Mhaire Antoinette.

Sa Ghearmáin, tá 5.4% den daonra gan obair, sa Spáinn tá 26.2%.

Agus deirtear gur margadh amháin é an tAontas.

Ba chóir do pholaiteoirí na hÉireann sult a bhaint as an seal beag atá acu i gceannas ar Chomhairle na hEorpa.

Go mbaine siad sult as na dinnéir bhreátha i gCaisleán Bhaile Átha Cliath – nach bhfuil ar aon dóigh cosúil leis an Bastille, nach bhfuil?

Close
Close