WB Yeats - Síoga agus Béaloideas

WB Yeats -  Síoga agus Béaloideas

Tá clú agus cáil ar shaothar William Butler Yeats ar fud na cruinne.

I mbliana tá muid ag ceiliúradh 150 bliain ó rugadh an file agus go leor ócáidí agus imeachtaí tar éis titim amach, fud fad na tíre, in ómós dó.

Tá taispeántas speisialta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an bailiúchán is mo d’ábhar Yeats in aon institiúid amháin, ar domhan, is cosúil. Cur síos ar a shaol agus a shaothar atá ann, ina measc tá lámhscríbhinní a scríobh WB Yeats é féin, chomh maith le griangrafanna teaglaigh dá gcuid.

Cé gur rugadh Yeats i mBaile Átha Cliath, is i gCo. Shligigh a d’fhás sé aníos le linn a óige. Tá ceangal láidir ag a gcuid filíochta lena cheantar dúchasach.

Bhain Yeats spreagadh as a óige i Sligeach. Scríobh sé faoin timpeallacht, faoi shéadchomharthaí áitiúla agus faoin bhéaloideas agus an stair a bhí bainteach leis an cheantar.

Níos moille ina shaol bhí nasc láidir aige leis an saol ealaíonta agus sóisialta i mBaile Átha Clitah agus i Londain.

File agus scríbhneoir ildánach, éachtach a bhí spreagtha arís agus arís eile le linn a shaoil.

Bhí suim faoi leith aige sa bhéaloideas agus sna pisreoga , is iomaí scéal a chuala sé ag fás aníos i gCo. Shligigh nó fán teach leanna ‘Tonners’ i mBaile Átha Cliath, áit a rachadh sé le haghaidh oíche airneáil go minic agus cónaí air sa chathair.

Le bheith níos cruinne arís, bhí suim ag Yeats in ábhar draíochta, rómánsúil agus neamh-choitianta, ar nós síoga.

Thug muid cuairt ar ‘Myth understood productions’ atá i mbun tógra scéalaíochta, amhránáiochta agus filíochta in ómós do WB Yeats, agus iad ag díriú isteach ar an cheangal a bhí ag Yeats leis an bhéaloideas agus na síoga ach go háirithe…

WB Yeats - Síoga agus Béaloideas

Beidh an leiriúcháin ‘Fairies and Folklore’ ar siúil anocht i dtigh Toners, ar Shráid Bhagóid ag 8in.

Close
Close