Tús maith, leath na hoibre

Simon Zebo, Éire
Simon Zebo, Éire

Conall Ó Máirtín

Mar a luascann luascadán chuaigh an cluiche seo ó thaobh amhain go taobh eile gan stop, gan ligint don lucht féachana anáil a tharraingt gan tracht ar na himreoirí.

Ag teacht isteach chuig an chluiche seo bhí go leor cainte ann faoi na gortuithe a bhí ag an Bhreatain Bheag agus an drochthaifead a bhí acu i gcluichí idirnáisiúnta le gairid. Bhí seacht gcluiche as seacht caillte acu, tá na clubanna i ndrocháit ach mar is eol d’achan duine a amharcann ar rugbaí idirnáisiúnta ní féidir dearmad a dhéanamh in am ar bith faoi ceann de na tíortha rugbaí is brodúla ar domhan.

Má bhí ceist ann faoi Cymru bhí neart dóchais in Éirinn faoin réalt is úire le teacht amach as Cúige Mumhan Simon Zebo agus cósa damhsa an Ultaigh Craig Gilroy.

Más rud é go raibh muintir na tíre seo buartha faoi Brian O’Driscoll agus an cinneadh chun Jamie Healsip a roghnú mar chaptaen thug O’Driscoll an freagra is cuimsithí ar an lá le ceann de na taispeántais is fearr i measc laochra spóirt na tíre seo sa linn seo agus anois caithfidh sé bheith mar rogha na coitiantachta le ról an chaptaen a fháil ar thuras na Leon an samhradh seo.

Thosaigh an choimhlint go mall ach i ndáiríre i ndiaidh an chéad deich mbomaite den chluiche seo ní raibh aon duine ag bogadh as na suíocháin.

Mhuscáil an cluiche san ochtú bomaite ó shíneadh amach na nÉireannach nuair a thug Sexton pás iontach a thug seans dúinn don chéad úr cósa damhsa Gilroy a fheiceáil agus féidearthachtaí líne chúil na hÉireann a bhlaiseadh.

Le Craig Gilroy ar an ionsaí bhí an comhghleacaí Zebo ag iarraidh bheith san aicsean agus sa deichiú bomaite chríochnaigh Zebo gluaiseacht le húd tar éis do ruathar thart ar an choirneál ag O’Driscoll agus pás galánta bog a thabhairt.

Bhí an t-úd cruthaithe ag O’Driscoll agus críochnaithe ag Zebo ach bhí clisteacht sa ghluaiseacht bhréagach a rinne Rob Kearney a chur an dallamhullóg ar chosantóirí na Breataine Bige.

Más rud é go bhfuil giota luais caillte ag BOD tá sé go fóill ábalta cosantóirí a mhealladh chuige agus ní nach íonadh gur mheall sé triúir cosantóirí chuige a thug spás le Zebo ar an sciathán.

Chríochnaigh Sexton na pointí breise ag léiriú nach bhfuil sé ag smaoineadh ar an Fhráinc agus Racing Metro go fóill.

Bhí teaictic na nÉireannach soiléir sa chéad cheathrú agus tionchar Gert Small le feiceáil agus an greamú tachta ag feidhmniú go héifeachtach do na cuairteoirí.

Imríodh an chéad 20 bomaite den chluiche taobh istigh de líne 20 méadar na Breataine Bige agus bhí an lámh in uachtar go hiomlán ag na fir i nglas.

Bhí an tseilbh ar fad ag na hÉireannaigh agus bhí níos mó na 10 bpointe tuilte acu fán am seo agus ní raibh muid ach ag fánacht go foighneach leis an chéad bhriseadh eile tharr an chailc.

Leathbhealach fríd an chéad leath rinne Rory Best bloc a tháinig díreach amach as téacsleabhar CLG ar an líne 40 méadar ó Dan Biggar agus bhí Heaslip agus Zebo ann leis an ghlanadh suas a dhéanamh.

Cé go raibh an liathróid mar a bheadh práta té ann, léirigh Zebo ardscil lena chos leis an liathróid a ghlacadh isteach ina sheilbh agus Cian Healy a chur isteach leis an dara úd den chluiche a scóráil.

Ní dhéanfaidh Simon Zebo dearmad choíche ar an phíosa scil galánta seo agus ní bheith daoine dubh dóite choíche ag amharc siar air.

Leis na ‘tekkers’ a léirigh Zebo thaining an tanc Healy fríd le húd eile a fháil agus an scór a fhágáil ag 0-17.

Bhí an tionntú thart sa ghreamú ag oibriú amach go fíormhaith do na hÉireannaigh agus bhí Gordan D’Arcy agus Donncha Ryan ábalta deis eile a bhaint do Sexton trí phointe eile a fháil a chur Éire fíche pointe chun tosaigh, 0-20.

Ní go dtí gur thit Cian Healy ar an taobh contráilte de Romain Poite go raibh deis ag an Bhreatain Bheag na céad pointí den chluiche a fháil. Ghearr sé pionós ar Healy as gan scaoileadh leis an laithróid agus d’aimsigh Leigh Halfpenny na pointí a thug spreagadh agus dóchas de chíneal éigin don Bhreatain Bheag.

Is cosúil gur las na pointí seo splanc sa Dragan agus thosaigh an Bhreatain Bheag tréimshe de bhrú millteanach ar líne sé mhéadar na hÉireann.

Thug droch-chinneadh Gilroy an liathróid ar ais chuig George North agus anois bhí an fathach fir múscailte. Ach bhí Rory Best arís ann leis an liathróid a stroiceadh amach as lámha na Breataine Bige agus an t-ionsaí a thógáil roimh leath ama.

Bhí fisiciúlacht an chluiche dochreidte agus más rud é go bhfaca muid píosa scil iontach ó Zebo léirigh sé crógacht agus láidreacht sa ghreamú roimh leatham.

Thug Aaron Schindler deis eile do Sexton trí phointe a fháil nuair nach bhog sé ar shiúl ón ghreamú, a chuir na hÉireannaigh isteach sna seomraí féistis fíche pointe chun tosaigh ag leath ama.

Sa chéad leath bhí Éire údarásach, i gceannas, bhí an chuid is mó den tseilbh acu. Léirigh siad láidreacht sa ghreamú, pásáil iontach agus scil ar leith agus bhí an cheist ar na liopaí ag achan duine – Cá raibh an Bhreatain Bheag?

Ach níor stop Éire le tús leis an dara leath. Arís eile tháinig an laoch sin O’Driscoll fríd le húd eile le tús a chur leis an dara leath. O’Driscoll a thóg an liathróid amach agus an paca a bhí ar an líne agus a léirigh ocras agus clisteacht leis an bhearna is lú a bholadh agus tomadh isteach leis an scór a fhágáil tar éis 44 bomaite 3-30.

An raibh an chluiche seo thart fán am sin? Bhuel an chosúlacht air.

Ach ní raibh deireadh leis an Bhreatain Bheag agus cé gur fhán siad go dtí an dara leath bhí an Bhreatain Bheag réidh leis an dara leath is fearr sna Sé Náisiúin leis na blianta á chur ar fáil dúinn.

Le George North agus Toby Faletau ag déanamh poill i líne chosánta na hÉireann bhí Alex Cuthbert ábalta briseadh fríd leis an bhearna a laghdú chuig fíche pointe arís.

Bhí an ruball in airde anois ag an Bhreatain Bheag agus más rud é go raibh an tseilbh ar fad ag Éirinn sa chéad leath bhí úinéireacht ag an Bhreatain Bheag ar an liathróid anois.

Cé go raibh an chéad leath fisiciúil d’fhág na greamaithe láidir ó O’Driscoll, Sexton, Gilroy daoine ar crith sna seastáin ach in ainneoin na sár-iarrachta sa chosaint thóg Rory Best cárta buí agus tréimshe sa loca pionóis.

Le níos mó spáis agus fear breise ag an Bhreatain bheag agus in ainneoin iarrachtaí Zebo ar an sciathán d’éirigh le Leigh Halfpenny an lathróid a fháil tharr an líne arís le úd eile a aimnsiú don Bhreatain bheag sa chluiche mire seo.

Bhí athrú suntasach sa darna leath anois le George North, Alex Cuthbert agus an chuma orthu anois gur fhás siad dhá uair níos mó sa darna leath.

Bhí anois na croíthe sa bhéal ag an lucht féachana ar fad agus gach cuma ar an scéal go dtíocfadh leis an Bhreatain Bheag an cluiche a bhaint ach go fóill beag bhí na greamaithe ag teacht isteach ó Gilroy agus Zebo, rud a bhí de dhíth mar gheall ar an bhrú dochreidthe ó Cymru ar líne dheiridh na hÉireann.

Ní ábhar iontais é gur chríochnaigh Éire le 176 greamú sa chluiche agus an Bhreatain Bheag le 101. Níl aon dabht ann chomh maith go mbeidh tréimse fhada de dhíth ar na himreoirí sna folcadáin oighir.

Bhí an Bhreatain Bheag anois ag imirt cosúil le Cúige Mumhan, leis an chrágáil in úsáid acu go héifeachtach chun úd eile a aimsiú agus an scór anois a fhágáil ag 20-30.

D’aimsigh an Bhreatain Bheag na pointí breise agus gach cuma go raibh an seans ann go dtíocfadh leo míorúilt a dhéanamh agus an teacht ar ais is fearr a dhéanamh sna Sé Náisiún ariamh agus an cluiche a bhaint.

Ach bhí an lá agus na pointí sa chéad bhabhta den Sé Náisiúin ag na hÉireannaigh tar éis do cheann de na cluichí is fearr sa chéad deireadh seachtaine den chomórtas ariamh.

Chuaigh an cluiche seo ó thaobh go taobh, níor stop an t-aicsean agus ní thíocfadh leat na súile a thógáil ón chluiche ar feadh soicind.

Ag deireadh an lae ní iontas ar bith é gur roghnaíodh Brian O’Driscoll mar laoch na hImeartha. Cad é nach bhfuil scríofa agus ráite faoi fhear seo chéanna féin. Eisean a sheas amach ar bharr na laochra ar fad ar an lá, eisean a thugann spreagadh d’achan duine eile atá thart air, agus in ainneoin a aoise agus na gcluichí ar fad atá imeartha aige, eisean a imríonn ar nós duine nár bhain a dháth ar bith ina shaol.

Níl rud ar bith le cruthú aige ach arís eile léirigh sé go bhfuil sé ar an imreoir rugbaí is fearr ar domhan na linne seo. Níl aon dabht anois go gcaithfidh na roghnóirí do na Leon é a phíocadh mar chaptaen.

Mar a dúirt traenalaí na Breataine Bige, Shaun Edwards, ina dhiaidh “I wish somebody had left Brian O’Driscoll back in Ireland”.

Cé go mbeidh Kidney sásta leis na pointí beidh go leor ceisteanna ann fán dóigh ar thit an tóin as cluiche s’acu sa dara leath, ach glacfaidh sé sólás go raibh Éire ábalta an fód a sheasamh nuair a bhí siad faoi bhrú ollmhór agus níl dabht ar bith go dtógfaidh sé sin spiorad agus creidiúint an champa don chuid eile de na Sé Náisiúin.

Beidh Sasana mar chuairteoirí go Báile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn, agus an Bhreatain Bheag ar shiúl chun na Fraince agus tar éis do na Azzurri an Fhráinc a bhualadh is cinnte go bhfuil an comórtas seo oscáile d’fhoireann ar bith anois chun é bhaint.

Close
Close