Turas teanga, aistear amú

Tá sé iontach deacair teanga a fhoghlaim, sin an t-aon rud a d’éirigh le Ciarán Dunbar a fhoghlaim

Tá bealach iontach ag an saol seo an taobh eile den scéal a léiriú dúinn, nach bhfuil?

Admhaím gur doiligh liom neamhspéis mhuintir na hÉireann sa Ghaeilge a thuiscint ó am go ham, ach níl sé éasca teanga a fhoghlaim.

Ritheann sé sin liom agus mé ag foghlaim na hIodáilise, nó lena bheith níos cruinne, ag iarraidh í a fhoghlaim.

Thosaigh mé ag dul di breis agus deich mbliana ó shin ach níor éirigh liom líofacht a bhaint amach gan trácht ar chruinneas ná saibhreas.

Ní bheadh go leor Iodáilise agam chun cur fúm sa tír agus post a fháil nó gnáthchúrsaí an tsaoil a láimhseáil go héifeachtach.

Ní féidir liom comhrá ceart a bheith agam nó fiú bun-rudaí a rá gan botúin ghramadaí a dhéanamh.

Rinne mé iarracht agus chlis orm ach mar sin féin admhaím nár thosaíocht dom í in am ar bith.

Agus seo chugat an chuid is measa den scéal, chaith mé sé mhí i mo chónaí san Iodáil.

Rinne mé beagán staidéir uirthi gach lá sa tréimhse sin.

Bhí iarracht éigin déanta agam roimhe sin ach ní mórán agus ní dhearna mé aon staidéar ar an Iodáilis ar scoil.

Sular bhog mé amach bhí mé ar mhuin na muice agus lán féinmhuiníne.

Ghlac mé go mbeadh sí agam taobh istigh de 6 seachtaine nó mar sin.

A leithéid d’amaideacht!

Is ar éigean go raibh níos mó den teanga agam ar theacht abhaile go hÉirinn dom ná mar a bhí nuair a d’fhág mé.

Ach tréimhse iontach gnóthach a bhí ann agus maithim mé féin as gan níos mó a dhéanamh.

Is léir nach ionann a bheith ‘tumtha’ agus deis iontach fhoghlama i gcónaí áfach.

Smaoinigh orthu siúd a choinníonn sa Ghaeltacht gan Ghaeilge.

Is é báthadh toradh tumtha go minic.

Agus ní hé “go labhraíonn gach duine Béarla” ann.

Ní bhíonn ach Béarla scoile agus meirg uirthi ag fiú daoine an-oilte san Iodáil, smaoinigh ar dhaoine a rinne an Ardteist sa Ghaeilge agus sin agat é.

Aithníonn Iodálaigh go bhfuil an Béarla úsáideach gan amhras ach ní bhíonn siad á santú, títear dom nach n-amharcann siad ar chultúr an Bhéarla mar ard-chultúr.

Bhí rud beag dul chun cinn an Nollaig seo chuaigh thart, théis dom staidéar a dhéanamh gach lá ar feadh cúpla mí.

Rinne mé cúrsa de chuid Michel Tomas, an teagascóir teanga clúiteach nach maireann.

Fear ardéirme amach is amach a bhí ann dar liom.

D’éirigh liom níos mó dul chun cinn a dhéanamh tar éis cúpla uair a bheith ag éisteacht leisean ná mar a rinne mé go dtí sin ar fad.

Is trua nach raibh Gaeilge aige.

Míbhuntáiste eile a bhí orm agus mé ag cur fúm san Iodáil ná go raibh mé ag fuireach le teaghlach a labhair an Fhraincis eatarthu féin.

Eisimirce a ba chúis leis sin, díreach cosúil le teaghlaigh ‘Shasanacha’ nó ‘Albanacha’ sa Ghaeltacht.

Chuir sé sin eispéireas nó dhó i dTír Chonaill i gcuimhne dom.

Casadh eile ar an scéal ná go bhfuil ‘dialetto’ á labhairt go coitianta san Iodáil go dtí an lá atá inniu ann, cé go bhfuil na teangacha logánta traidisiúnta seo ag fáil bháis go tapa.

Is é an toradh air seo ná gur níos minice ná a mhalairt gur phioc mé suas an chanúint nó teanga áitiúil agus mé taobh amuigh seachas an Iodáilis.

Ach seo mo phlean ó bhí oíche na hathbhliana ann: tá sé ar intinn agam díriú isteach ar fhoghlaim na hIodáilise mar nár dhírigh riamh.

Seo anois mí an Mhárta agus tá beagán staidéir déanta agam gach lá gan teip, ag éisteacht leis na téipeanna, ag amharc ar fhíseáin agus ag léamh na leabhar.

Tá mé ag déanamh iarrachta ach ní léir dom go bhfuil forbairt ag teacht ar mo chumas.

Ní dhearna mé iarracht í a labhairt agus is dócha, cosúil le foghlaimeoirí teanga i gcoitinne, go bhfuil dearmad á dhéanamh agam ar chaibidil a 5 agus caibidil a 6 á léamh agam.

Tá mé díreach cosúil leis na mílte daoine fásta a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge san oíche mar a bheadh Laidin inti.

Anois, an mbeidh mé in ann í a labhairt go fileata amach anseo? Cá bhfios.

Is dóigh gurb í an fhadhb is mó a bhí agam i gcónaí ná go bhfuil orm í a fhoghlaim.

Níor roghnaigh mé í ar an ábhar go raibh grá agam uirthi nó go raibh bá láidir agam léi.

Cibé spéis atá agam inti anois, bhí orm an tsuim a chothú ionam féin, cha raibh sé ann ó dhúchas.

Tuigim anois nach éasca teanga a fhoghlaim gan do chroí a bheith istigh inti.

Cár chuala mé sin cheana?

Close
Close