Turas fada toghchánaíochta, agus píosa le dul go fóill

Turas fada toghchánaíochta, agus píosa le dul go fóill

Ian Malcolm

“An bhfuil muid ansin go fóill?”

Sin an cheist a chuireann eagla ar thuismitheoirí, agus na páistí i gcúl an chairr ar an bhealach go dtí an cósta tráthnóna Domhnaigh.

“Níl, níl, ach beidh roimh i bhfad. Bíodh foighne agaibh!” an freagra, leibhéal míshuaimhnis na ngasúr ag ardú an t-am ar fad!

Tá feachtas toghchánaíochta reatha Westminster ar aon dul leis sin… tá muid ar an bhóthar le fada go leor, ach gan rian ar bith den Tír Tairngire feicthe againn go fóill.

Is fada uainn go fóill na cládaigh órga sin a gealladh dúinn.

Beidh sé leadránach do chuid agaibh, is cinnte, ach bím ar mo shaimhín só le linn am na stocaireachta. Curtha go simplí, is breá liom toghcháin.

Agus is fíor a rá gur thosaigh an stocaireacht beagnach bliain ó shin, leis na toghcháin Eorpacha agus rialtas áitiúil.

A luaithe agus a bhí comhaireamh déanta ar na vótaí, luigh na páirtithe isteach ar an bhabhta seo.

Beidh rudaí le buachaint nó le cailliúint ag achan pháirtí. B’fhiú sracfhéachaint a thabhairt orthu agus roinnt de na suíocháin.

Is fada ó fuair an DUP an ceann is fearr ar an UUP mar an páirtí Aontachtach is mó ach nuair atá tú sa suíochan tosaigh ní mór duit a bheith ag amharc thar an ghualainn i gcónaí. Sin mar atá do Peter Robinson.

Tá an UUP tagtha ar ais chuige féin – go pointe – faoi cheannasaíocht Mike Nesbitt, iar-chraoltóir atá ag cur splanc éigin sa tseanpháirtí.

Bhí toghcháin réasúnta maith acu in 2014 ach forbairt choibhneasta í!

Chun an rud a dhéanamh níos deacra do Robinson, tá dúshláin nua ó pháirtithe eile ar an ‘taobh’ chéanna, amhail an TUV (Glór Traidisiúnta Aontachtach), stiúrtha ag Jim Allister, iar-MEP DUP, agus UKIP, ionadaithe áitiúla Nigel Farage.

Tá le feiceáil an ndéanfaidh siad dochar do Robinson ach tá cruthaithe ag Allister go bhfuil sé ar a chumas vótaí DUP a bhaint – rud a rinne sé i dtoghchán na hEorpa anuraidh.

UKIP, faoi stiúradh David McNarry (iar-MLA UUP) go háitiúil, agus tá ceist inimirceachta go mór ar an phaidrín s’acusan.

Ach tá fadhb acu.

Dúirt Nigel Farage, ceannaire an pháirtí, go n-athródh sé Foirmle Barnett (an dóigh a bhfaigheann Tuaisceart Éireann, Alban agus an Bhreatain Bheag a sciar airgid ó Westminster). Tá ‘cothrom na Féinne’ de dhíth ar phobal Shasana, dar leis.

Ní mheasaim gur pointe maith díolacháin é sin: “Vótáil UKIP agus beidh níos lú airgid ag Tuaisceart Éireann.”

Ceann le coinneáil faoi cheilt ar na doirse, sílim!

Tá buntáiste ag na Náisiúnaigh, sa chaoi is nach bhfuil an scoilt vótála chomh forleathan. I bhfírinne, níl ach dhá pháirtí san iomaíocht.

Mar sin féin, tá an choimhlint síoraí idir SF agus an SDLP fós géar.

Agus an lámh in uachtar ag páirtí Gerry Adams le blianta, is doiligh a fheiceáil an mbeidh aiséirí ag an SDLP faoi stiúradh Alasdair McDonnell.

Tá mé ag déanamh go mbeidh an SDLP sásta má choinníonn siad Dún Theas agus Feabhail (Margaret Ritchie agus Mark Durkan faoi seach) ach is i mBéal Feirste Theas a fheicfidh muid ceann de na comórtais is suimiúila sa toghchán ar fad.

Ansin, tá Máirtín Ó Muilleoir ag stocaireacht ó dheireadh na bliana seo caite do SF.

Maistir na meán cumarsáide atá ann, compórdach os comhair na gceamairí agus an-eolach ar na meáin shóisialta.

Is le McDonnell an suíochán faoi láthair ach níl na buanna céanna cumarsáide aige.

Thairis sin, chaith Ó Muilleoir bliain rathúil mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste, rud a chur lena phróifíl.

Níor éirigh leis an DUP agus an UUP beart vótála a dhéanamh anseo agus beidh an vóta scoilte ach, ós rud é go bhfuil iarrthóir an-nua ag an UUP, is féidir go mbeidh a lán Aontachtach ag iompú i dtreo Jonathan Bell.

Tá an suíochán seo idir dhá cheann na meá.

Tá comhaontú acu in Oirthear Bhéal Feirste, áit ar bhain Naomi Long an suíochán d’Alliance in 2010, ag díbirt Peter Robinson.

Cúinsí áirithe a bhain leis an bhua sin agus beidh deacair uirthi an rud céanna a dhéanamh in éadan Gavin Robinson, iarrthóir DUP (nach bhfuil gaolta le Peter).

Tá beart eile Aontachtach i bhFear Manach agus Tír Eoghain Theas.

Anseo, beidh Tom Elliott, iar-cheannaire UUP, in aghaidh Michelle Gildernew ó SF, a bhain in 2010 le farasbarr ceithre vóta – an tromlach is lú sa toghchán ar fad.

Beidh an ceann seo iontach spéisiúil. Ach beidh siad uilig suimiúil, dar liom.

Go háirithe tar éis do Jim Wells ón DUP rud maslach a rá faoi shábháilteacht pháistí i dteaghlaigh aon-inscne. Chuir sé fearg nach beag ar a lán – Aontachtaigh ina measc.

Níl muid ansin go fóill – ach is gearr go mbainfear ár gceann scríbe amach.

Agus tá mé cinnte gur fiú an fanacht agus muid ag breathnú ar chósta nua na polaitíochta anseo i dTuaisceart Éireann.

Close
Close