Tragóid Bherkeley - "Tarlaíonn drochrudaí do dhaoine maithe"

Concubhar Ó Liatháin

Is fada siar a ghabhann an nasc idir Ollscoil Bherkeley ar chósta thiar Mheiriceá, faoi scáth Dhroichead na nGeataí Órga ar bhá San Francisco, agus tír na hÉireann.

Ainmníodh ceann de mhór-ollscoileanna SAM in ómós d’fhealsamh Éireannach, George Berkeley, a mhair san 18ú aois agus ar a bhfuil meas domhanda mar gheall ar fheabhas a chuid scríbhinní fealsúnachta.

Agus anois mar gheall ar thragóid na seachtaine seo caite, nuair a cailleadh seisear ógánach Éireannach nó de shliocht Éireannach tar éis gur thit an bhalcóin ar a raibh siad ag seasamh go talamh.

In éineacht leis an seisear a maraíodh sa tubaist, gortaíodh duine déag eile.

Bhíodar ag freastal ar chóisir lae breithe – bhí duine den gcomhluadar bliain is fiche d’aois – nuair a d’iompaigh an ceiliúradh go tragóid i bhfaiche na súl. 

Cé gur beag an sólás é do theaghlaigh agus cairde na n-íobartach, spreag an tragóid aisfhreagra ós-ghnách ó phobal na hÉireann.

Ar éigean go bhfuil teaghlach sa tír nár thaisteal duine muinteartha leo go Stáit Aontaithe Mheiriceá ar víosa J1 na mac léinn, víosa arb ionann é agus an ticéad órga chun Samhradh glórmhar a chaitheamh thar sáile.

Ticéad an dóchais ab ea an J1 le mo linnse agus is mó cara de mo chuid a chaith Samhradh thall ag saothrú chun a dhóthain airgid a bheith aige nó aici chun íoc as an mbliain dar gcionn ar an ollscoil.  

Ní athróidh tragóid Berkeley an léargas sin ar an J1.

Níorbh é an chéad tragóid dá leithéid a tharla do mhic léinn Éireannacha thar sáile – tá Pádraig Schaler bocht go fóill ag teacht chuige féin tar éis gur leagadh dá rothar é cúpla bliain ó shin – ach tá scála na tragóide imithe i bhfeidhm ar an bpobal.

Tír bheag í an tír seo agus mothaímid seisear bheith imithe uainn ar an tslí chéanna a aireodh tír níos mó líon níos daoine bheith imithe uathu.

Fiú mura mbaineann an tragóid seo linn go díreach, tá’s againn nach bhfuil ann ach le seans ar bhain an timpist seo le daoine ná raibh aithne phearsanta againn orthu.   

Is dócha gur ar na meáin shóisialta a tháinig an scéal chugainn Dé Máirt seo caite agus níorbh fhada go raibh na meáin chéanna lán le teachtaireachtaí comhbhróin.

Is ar na meáin shóisialta céanna a lasadh splanc thobann na feirge nuair a d’fhoilsigh an New York Times scéal a cheangail an tragóid seo le heachtraí nuair a chuaigh mic léinn thar fóir agus iad thall ar víosaí J1 i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ag léamh an ailt úd cheapfá go raibh cuid den locht ar na mic léinn a bhásaigh orthu féin mar gheall ar an spraoi a raibh siad ag tiomáint bheith imithe thar fóir.

Anois tá’s againn gur dóichí ná a mhalairt go raibh fadhbanna struchtúracha ag baint leis an mbalcóin agus, go cinnte, nach bhféadfaí aon locht a chur ar na hógánaigh as an dtragóid.  

Má tá locht ar an idirlíon agus an spiorad 24/7 a chothaíonn sé, is é go mbíonn iriseoirí agus dreamanna eile a bhíonn ag tarraingt airde orthu féin ar líne sa tóir i gcónaí ar an gcasadh nua ar an scéal a mheallfaidh leantóirí – sa deireadh thiar is deis acu gach tragóid agus tubaist.

Bhí seo soiléir i ndiaidh thubaist Bherkeley nuair a chuir ‘Eaglais’ ar mire Meiriceánach an locht ar an vóta sa Reifreann faoi Chomhionannas Pósta as ucht na tragóide, ag maíomh gur díoltas Dé in aghaidh na hÉireann a bhí ann.

Is leor a rá má chreideann siad ina leithéid sin de Dhia nach dtuigeann siad bunsoiscéal na Críostaíochta.

Bhí go leor ráitis ar mire freisin i ndiaidh an áir a tharla i Charlestown nuair a feallmharaíodh naonúr agus iad ag freastal ar rang staidéir Bhíobla – a bhformhór acu ag iarraidh a chinntiú nach gcuirfí aon srian le ceart bunreachtúil na Meiriceánach bheith ag iompar airm.  

Tarlaíonn drochrudaí do dhaoine maithe.

Níl aon mhíniú air sin ach ní bhaineann creideamh leis – is drochádh atá ann.

An mó daoine a raibh san árasán i mBerkeley an oíche úd agus a raibh amuigh ar an mbalcóin tráth éigean sarar thit sé go talamh, nach leosan a raibh an t-ádh gur thug siad na cosa leo.

Agus seachtain na sochraidí faoi lán seoil, is tábhachtaí ná rud ar bith eile bheith ag díriú airde ar theaghlaigh na seisear a cailleadh agus iad san a gortaíodh agus tacú leo.

Tuigimid in Éirinn a riachtanaí is atá cabhair na gcomharsan in am an bhróin go rómhaith, b’fhéidir níos fearr ná aon phobal eile ar chlár na cruinne.

Rinne carthanacht ó Chontae an Dúin, Fondúireacht Kevin Bell cuidiú a thairiscint do na teaghlaigh leis na socruithe cuí a dhéanamh lena bpáistí a thabhairt abhaile. Tá comharsana ag cuidiú le bia a ullmhú do lucht na dtórramh, tá gach rud á dhéanamh le cinntiú go dtuigeann na teaghlach nach bhfuil siad leo féin ag iompar ualach an bhróin.

Sin é nós na hÉireann agus is féidir linn bheith bródúil as an méid sin ar a laghad.

Close
Close