Déanfaidh pobal an tuaiscirt a vóta a chaitheamh i dtoghchán Westminster i gcaitheamh an lae inniu.
Thug móramh na bpobalbhreitheanna le fios gur parlaimint gan tromlach a bheas ann leis an Lucht Oibre agus na Toraithe buille ar bhuille.
Feictear go bhfuil an DUP ag taobhú leis na Toraithe agus roinnt náisiúnaithe ag léiriú a dtacaíochta leis an Lucht Oibre.
Ní féidir tionchar Pháirtí Náisiúnach na hAlban (SNP) a chur as an áireamh agus a dtarraingt ag méadú i gcónaí.
Bhí idir chonspóid agus chomhrac anseo le traidhfil seachtainí anuas agus toghcheantar Bhéal Feirste Thuaidh, Béal Feirste Theas agus Fear Manach/Tír Eoghain Theas idir dhá cheann na meá, de réir lucht tráchtaireachta.
Chuaigh muidne chun cainte le Concubhar Ó Liatháin agus Méabh Nic Alastair faoi na nithe a bhíonn ag dó a ngeirbe ar lá toghcháin…