‘Taoiseach nua, ré nua’ - ach cá bhfuil na mná?

Róisín O'Hara

An Taoiseach is óige ariamh i stair na tíre.

Fear aerach, le mianach Indiach freisin.

Nach iontach an dul chun cinn atá déanta againn, a dúradh.

“Ré nua d’Éirinn!” a dúirt daoine eile.

Ach, nuair a d’fhógair Leo Varadkar a Airí Rialtais go gairid i ndiaidh gur ceapadh é, b’amhlaidh gur chloígh sé leis an nós tromlach mór na bpostanna aireachta a thabhairt do na fir.

Ní raibh aon chéim chun cinn ann, an uair seo, do chás an chomhionannais inscne agus cumhachtú na mban.

Ach, an raibh muid ag súil go mbeadh, i ndáiríre?

I measc na 19 n-aire stáit, cheap sé triúr ban.

Níl ach ceathrar ban ina n-airí rialtais aige.

Sin seachtar ar fad as 34 aire sa rialtas is mná iad - nó 20%.

Mórán mar a chéile leis an rialtas a bhí ag an Taoiseach a chuaigh roimhe, Enda Kenny.

Bhí ochtar ban sa rialtas aigesan. 

Cáineadh Varadkar go géar dá bharr seo.

Scaoileadh maidhm mór feirge ar Twitter, agus cháin roinnt dá chomhghleacaithe é, ina measc Mary Mitchell O’Connor.

Ag labhairt di ag searmanas mór gradam do mhná gnó i mBaile Átha Cliath, dúirt sí nár léirigh sé tiomántas do cur chun cinn  na héagsúlachta sa Dáil ná dáiríreacht i dtaobh an chomhionannais inscne ach oiread.

D’fhéadfá a rá gur cháin sí an Taoiseach le teann gangaide théis go dtug sé ísliú céime di, ach bhí an ceart aici an cheist thábhachtach seo a ardú, pé scéal é, agus ba rud an-chróga a rinne sí a ceannaire nua a cháineadh go poiblí.

Ach, ní chuirfinn an milleán uilig ar Varadkar féin.

Tá sé an-deacair foireann a chur le chéile muna bhfuil na himreoirí ann.

Is mná aon duine dhéag den leithchéad Teachta Dála i bPáirtí Fhine Gael - sin 22%.

Sin an céatadán céanna, nach mór, mná atá ina dteachtaí dála . Sin an droch scéal - bheadh sé deacair ar aon Thaoiseach bheith cothrom ó thaobh na huimhreacha sa Rialtas nuair nach bhfuil siad cothrom sa Dáil fhéin

Tá sé soiléir agus símplí mar sin dhomsa – níl a dhóthain ban sa Dáil, agus an t-aon leigheas atá ar an scéal ná a thuilleadh ban a chur isteach.

Caithfear, mar sin, i bhfad níos mó ban a spreagadh chun seasamh sna toghcháin.

Níl sé seo chomh héasca is a cheapfá.

Dar le Women for Election, an eagraíocht neamhchlaonta atá ag iarraidh mná a spreagadh i dtreo na polaitíochta, tá cúig chonstaic mhóra ann; maoiniú; bheith roghnaithe mar iarrathóir, an cultúr; cúram leanaí; agus féinmhuinín.

Tá iarrachtaí móra dhá dhéanamh na constaicí seo a thógáil as an mbealach – tugadh an cúota isteach don chéad uair san olltoghchán deireanach nuair a bhí sé de dhualgas ar na páirtithe 30% dá n-iarrthóirí a bheith ina mná.

Toghadh 35 bean chun na Dála – an líon is mó ariamh agus ardú de 7% ar an toghchán deireanach.

Ach fós féin, tá sé an-íseal go deo. Ró-íseal.

Duine i chuile chúigear sa Dáil is bean í.

Tá muid ar cheann de na tíortha is ísle san Aontas Eorpach ó thaobh ionadaíocht na mban i rialtas.

Údar díomá agus náire é seo go háirid agus muid ar an gcéad tír ar domhan a thug isteach comhionannas pósta le reifreann, agus muid mórtasach as ár gcáil mar thír ina raibh dul chun cinn mór réabhlóideach déanta ar bhonn sóisialta.   

Ach tá cúis dóchais ann.

As 20 bean a ghlac páirt i gcúrsaí oiliúna Women for Election in 2013, sheas 16 acu sna toghcháin áitiúla an bhliain dar gcionn agus toghadh 12 díobh.

Ó shoin, ceapadh beirt díobh ina dTeachtaí Dála, beirt ina Seanadóirí agus duine ina MEP.  San olltoghchán deireanach, tháinig 40% de na mná a toghadh ina dTeachtaí Dála tríd cúrsaí traenála de chuid na heagraíochta.

Tá siad anois ag éileamh tacaíocht airgid, thríd feachtas Crowdfunding, chun níos mó ban a thraenáil roimh na toghcháin áitiúla in 2019. 

Is é an cultúr an rud is deacaire a athrú.

Agus fúinn uilig atá sé sin.

Múinteoirí scoile. Dochtúirí. Tuismitheoirí. Cairde. Deirfiúracha. Deartháireacha. Siopadóirí.  Oibrithe deonacha. Grúpaí Pobail.  Mná. Agus fir.  Tá sé de dhualgas orainn uilig an cultúr a athrú agus cothromaíocht inscne a thabhairt isteach sa saol poiblí, sa saol polaitíochta. Ní ar mhaithe le mná amháin a bheadh sé ach chun tairbhe ár sochaí go ginearálta.

Is fiú dhúinn uilig ár gcailíní óga a spreagadh i dtreo na polaitíochta.

Is ar mhaithe linn uilig atá sé tuilleadh tacaíochta agus spreagadh a thabhairt do na mná a bhfuil suim acu sa bpolaitíocht nó atá gníomhach cheana féin sa bpobal.

Ar ndóigh, ní thiocfaidh aon athrú suntasach gan rannpháirtíocht na ndaoine atá i gcumhacht, iadsiúd atá i gceannas, i chuile réimse den saol.  Ach go háirid an rialtas.  Caithfidh Taoiseach bheith toilteanach a chuid a dhéanamh.

Tá sé rí-thabhachtach go mbeadh tuairim na mban, glór na mban le cloisteáil go tréan sna cruinnithe rialtais ag a bpléifear ceisteanna tábhachtacha, go háirid agus ceisteanna móra a bhaineann le mná ar nós an ghinmillte.

Má tá tuilleadh ban sa Dáil, is beag baol go dtabharfar neamhaird orthu do na postanna aireachta má tá líon ard díobh ann agus iad cumasach, cliste, coinsiasach agus glórach.

Táim ag súil leis an lá.

Close
Close