Tairiscint €1 déanta ag grúpa pobail ar sheanfhoirgneamh AIB i nGaoth Dobhair

Tairiscint €1 déanta ag grúpa pobail ar sheanfhoirgneamh AIB i nGaoth Dobhair

Tá seanbhanc AIB ar díol ag an ghníomhaire eastáit Sherry Fitzgerald ar luach €110,000.

Dhruid an banc a dhoirse den uair dheireanach sa bhliain 2012 agus ó shín tá an forgnimh fágtha folamh agus i ndrochdhóigh.

Tá tairiscint de €1 déanta ag grúpa pobail agus iad ag iarraidh go mbeidh siad in ann an forgneamh a bhronnadh ar phobal Ghaoth Dobhair.

Cosúil le go leor ceantair iargúlta bhí Gaoth Dobhair buailte go holc le linn an chúlaithe eacnamaíochta agus muintir na háite ag fanacht go dtiocfaidh an geilleagar aniar.

Tá an ceantar bánaithe cuid mhór ag an imirce agus tá neart foignimh fágtha folamh leis an méid comhlachtaí a d’imigh as gnó.

Tairiscint €1 déanta ag grúpa pobail ar sheanfhoirgneamh AIB i nGaoth Dobhair

Dúirt Banc Aontas Éireann le Meon Eile nach raibh siad ábalta aon eolas a thabhairt dúinn faoin spéis atá léirthe sa seanfhoirgneamh go dtí seo siocair go bhfuil an próiseas díolacháin go fóill ar bun.

Close
Close