Tacsaithe Uber le tosú i mBéal Feirste inniu

Tá an tseirbhís tacsaí Uber le tosú i mBéal Feirste inniu. Ní gnáth-sheirbhís í áfach: thig tacsaí a chur in áirithe díreach ó aip Uber, rud a fhágann an duine sa lár ar lár.

Bunaithe ar GPS, aithníonn aip Uber cá háit a ndearna tú iarratas ar thacsaí. Cuirtear an tiománaí is cóngaraí ar fáil duit. Ní gá airgead tirim a bhronnadh; íoctar deireadh go leictreonach tríd an aip.

Is féidir grádú a dhéanamh ar thiománaí ar an aip i ndiaidh gach turais. Tá clú Uber méadaithe ar fud na cruinne ach tá tiománaithe tacsaithe i Londain agus i bPáras i ndiaidh racht feirge a scaoileadh faoin tseirbhís nua.

Maíonn roinnt acu gur deacair dul san iomaíocht le praghsanna ísle Uber agus nach cruinn an t-eolas faoina dtiománaithe.

An rud maith a bheas ann do Bhéal Feirste? Cén tionchar a bheas aige ar thraidisiún na dtacsaithe dubha?

Labhair muid le roinnt daoine faoina dtuairimí i leith na seirbhíse úire…

Barúil ón Bhosca
Close
Close