Tabhair ar ais ár gcosán - Muintir Loch an Iúir ag impí ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Tabhair ar ais ár gcosán - Muintir Loch an Iúir ag impí ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

9rn ar maidin agus tá páistí de chuid Scoil Eoin Pól Loch an Iúir ag dul ’na scoile.

Tá an fórmhór acu á dtiomáint ar scoil ag a dtuismitheoirí – ní de bharr na drochaimsire ach mar gheall ar easpa sábháilteachta, a deir tuismitheoirí.

Chuir Comhairle Chontae Dhún na nGall athdhromchla ar an bhóthar anuas chuig an scoil i rith an tsamhraidh i mbliana.

Mar chuid den obair ardaíodh an bóthar agus tugadh ar shiúl an cosán coise a bhí ina aice. Tá líne bhuí anois ar imeall an bhóthair agus is é an t-aon bacainn idir páistí ag súil ’na scoile agus an trácht.

Bíonn go leor tráchta ar an bhóthar idir Loch an Iúir agus Anagaire, agus deir tuismitheoirí go bhfuil siad buartha go mbeidh an chontúirt ann go leagfaí duine inteacht ar an bhóthar mar gheall ar easpa soilse agus cosán coise.

Mar gheall nach bhfuil ionad pobail i Loch an Iúir úsáidtear an scoil le haghaidh cruinnithe poiblí, ranganna cniotála ag mná na háite agus ranganna drámaíochta agus ceoil do pháistí.

Tá tuismitheoirí agus bord bainistíochta na scoile ag impí ar an Chomhairle Chontae an cosán coise a thabhairt ar ais.

Tabhair ar ais ár gcosán - Muintir Loch an Iúir ag impí ar an Chomhairle

Rinne muid teagmháil le Comhailre Chontae Dhún na nGall an tseachtain seo caite ach tá muid go fóill ag fannacht le haisfhreagairt uatha.

Close
Close