Súil Siar - Saol Sóisialta

Súil Siar - Saol Sóisialta

Tá athrú mór tagtha ar an tsaol sa lá atá inniu ann ar gach bealach. Baineann an t-athrú seo leis an dóigh a gcaitheann muid ár saol sóisialta fosta.

Bíonn daoine óga cleachta anois le dul amach chuig tithe tábhairne nó chuig clubanna oíche ag an deireadh seachtaine nó fiú i rith na seachtaine má tá fonn orthu, ach ní mar seo a bhí sé i gcónaí. Creid é nó ná creid bhí am ann nuair nach raibh cead ag mná dul isteach i dteach tábhairne ar chor ar bith.

Cosúil le inniu bhí béim mhór i gcónaí ar an saol sóisialta, agus is rud a bhain achan duine sult as agus iad ag fás aníos, fiú go bhfuil sé athraithe an oiread sin fríd na glúnta.

Inniu ar ‘Súil Siar’ cluineann muid faoi cé chomh mór is a bhí na hallaí damhsaí thart faoi Ghaeltacht Thír Chonaill na blianta ó shin. Cluineann muid ó Dhonnchadh, Maggie agus Eoghan faoi na nósanna agus níos mó ná sin an spraoi a bhí bainte leo.

Chomh maith leis sin tchífimid an difríocht idir na laethanta sin agus na hoícheanta caite ag Máire agus Suzanne sna clubanna oíche ‘An Dodge’ agus ‘An Seaview’ i nGaoth Dobhair.

Is cinnte go bhfuil difríochtaí móra idir na glúnta éagsúla agus an dóigh ar chaith siad a saol sóisialta ag fás aníos, ach bhí rud i gcoiteann acu uilig, go raibh i gcónaí béim mhór ar fhear breá nó bean ghalánta a fháil duit féin roimh dheireadh na hoíche.

súil siar - Saol Sóisialta
Close
Close