Súil siar ar an Phicnic Leictreach

Eoin P. Ó Murchú

A phicnic leictrigh, nach tú a chuireann siamsaíocht ar fáil, nach tú a ardaíonn is a chaitheann amach ar deireadh sinn; traochta agus sásta. Is iomaí duine atá tar éis freastal ar an bhféile ilghnéitheach seo le haon bhliain déag anuas agus is iomaí cineál siamsaíochta a cuireadh ar fáil dóibh uile.

Portishead, Outkast agus Beck na príomhcheoltóirí i mbliana ach bheadh dul amú ort ceapadh gur iad is a leithéidí is mó a mheallann daoine chuig an Sráidbhaile i ndeireadh Lúnasa gach bliain.

An meascán a dhéanann sin, braithim féin; greann, filíocht, drámaí, damhsóirí, ealaíontóirí tine, taispeántais eolaíochta, ealaín suiteála, anuas ar gach saghas ceoil a cumadh riamh. Brabhsáil idir an uile chineál ruda mar seo is fearr liom féin, dul ó ionad beag go hionad bídeach, blaisín de seo, blúire den rud eile agus bolgam beag de rud nach raibh aon súil agat leis deich nóiméad ó shin.

Tá go leor ceantracha éagsúla istigh san áit, ceann de na cinn is fearr ar fad ná Body & Soul, as ar fhorbair an fhéile féin. Áit dhraíochtúil í seo le hamfaitéatar nádúrtha féarach, ardán déanta as crainn agus atmaisféar eicléictiúil a stiúrfaidh ó thine chnámh go mionphuball ceoil go dealbha móra caoladóireachta tú.

Ní fhéadfainn gan An Puball Gaeilge, urraithe ag Glór na nGael, i Mindfield a lua. Bhíos féin páirteach ann i mbliana agus sinn ag cur trí oíche de GhaelGÁIRÍ, oíche ghrinn le meascán fuirseoirí i láthair. Bhíos chomh meallta sin ag rogha fhairsing na siamsaíochta a bhí ar fáil ann gur chaitheas an t-uafás ama eile ann leis.

Thug Seo Linn ceann de bhuaic-cheolchoirmeacha na féile in An Puball Gaeilge agus cúr á spraeáil mar a bheadh sneachta ag titim agus móramhráin Coldplay, Avicii agus TG Lurgan á seinm.

Is cineál de lár-ionad na nGael atá ann is casfar ort maithe is móruaisle an tsaoil Ghaelaigh istigh; Rónán Mac Aodha Bhuí ag léiriú dúinn arís an fáth a bhfuil tóir sheasta ar an gCaberet Craiceáilte.

Manchán Magan ag bronnadh focal atá ag dul as cleachtadh ar an bpobal le hiad a thabhairt leo(anuas ar ghlincín fuisce!). Hector ag gríosadh an tslua le kareoke pórnagrafach a chur ar fáil.

Eagarthóir ildánach Nós Tomaí Rua Ó Conghaile ag moladh go bhféadfaí féile ar leith a bhunú do na Gaeil, agus ag breathnu dúinn ar na sluaite ann don deireadh seachtaine ar fad níl aon amhras ach go mbeadh tóir ar a leithéid.

Ar aghaidh linn anois go cúinne beag eile den fhéile, damhsóirí andraigíneacha bun os cionn ar rópaí dá éis.

Tá laigí ag an bhfeile leis, bhí an aimsir tirim do mhórchuid na bliana seo, ach tiaráil a bhí sa champáil mar sin féin. Pubaill, málaí codlata agus ciútraimintí an tsaoil a bhreith leat thar chosán láibe a lúbann timpeall an ionaid ar fad. Drochleithris, is bia sláintiúil simplí gan a bheith chomh héasca sin le fáil.

Tá costas mór air leis, tuairim is €200 sula dtosaíonn an chraic féin. 41,000 a fuair ticéad i mbliana, féile níos mó ná mar a bhí cheana, agus is cinnte go raibh an méadú le braith ar an slua.

Ainneoin sin níl bunchroí na féile caillte ná baol air. Ansin tagann tú ar ardán an Salty Dog trí thaisme agus ardáin eile ag ciúniú de bheagán, abair feic! Seanbhád ar leathmhaing, cláir ardáin ina lár, áit a mbíonn ceol amach i bhfad san oíche agus seo linn go beo go seanamhráin mhóra an dioscó chiúin.

Chaitheas go leor ama i bPuball an Ghrinn leis, áit ar chaitheamar scaitheamh scléipiúil i dteannta David O’Doherty, rí ghreann an phianó bhig phlaistigh i mbarr a réime arís le seit ghreannmhar ghéarintinneach. Is féile ghaelach atá in EP, ceann gallda leis, ceann osnádúrtha, ríméadach is gach aon dath de thuar ceatha na mothúchán péinteáilte ar a leicne leis.

An cheist is mó a bheidh ag dó na geirbe ag daoine agus iad ag fágáil, an feidir ticéad na bliana seo chugainn a cheannach cheana?

Tá reimse álainn aoibhinn ealaín ann leis, tar liom timpeall an chúinne go seafaimid isteach ann, go leagfaimid lámh air, féach an pianó folaithe, léim isteach i dtobar na leabhar, rolláil síos an amharclann féarach nádúrtha, luasc liom ar an luascadán, cas amhrán le Liam Ó Maonlaí ar ardán thall, éist le dán, lig gáire, lig liú, bí beo. Deirtear liom go bhfuil ticéid na bliana seo chugainn ar díol cheana. Feicfidh mé ann sibh.

Is féidir cuimhní na féile a roinnt le húdar an ailt ag @murchadhmor

Bíonn GaelGÁIRÍ, oíche mhíosúil ghrinn ar siúl ar an Satharn deireanach den mhí i gClub Chonradh na Gaeilge i mBÁC.

Close
Close