Stailc Luas idir dhá cheann na meá

Tá ciorrú 10% á bhagairt ar phá na dtiománaithe Luas ón lá amárach agus stad curtha leis an tseirbhís inniu, mar gheall ar an stailc is déanaí. Tá Transdev, an comhlacht a bhfuil conradh Luas acu, ag bagairt na gciorruithe cé go bhfuil a bhfostaithe ar lorg ardú pá 26.5%, figiúr atá íslithe ón 53% a bhí ann ar dtús.

Scaoil na tiománaithe agus an cheardchumann SIPTU racht feirge le fógairt na gciorruithe úra. Maíonn Transdev áfach nach bhfuil sé d’acmhainn acu géilleadh do na rátaí pá atá á lorg ag a dtiománaithe.

Beagnach 90,000 duine a úsáideann an Luas gach lá agus tá na cainteanna pá idir dhá cheann na meá ó thús Feabhra. Tá an t-achrann faoi chaibidil ag taistealaithe na hArdcathrach ar bhosca na seachtaine seo…

Barúil ón Bhosca
Close
Close