Slógadh na nGael ag Stormont

Bhailigh os cionn 100 duine faoi chéimeanna Fheidhmeannas Stormont inné lena gcearta teanga agus comhionannais a éileamh.

D’eagraigh grúpaí Gaeilge agus Gaeil aonair, faoin fheachtas Dearg, an Slógadh le haird lucht polaitíochta agus an phobail a tharraingt ar Acht Gaeilge. Ba mar chuid den Lá Idirnáisiúnta Cearta Daonna a eagraíodh é.

“Léiríonn an slua a tháinig amach anseo inniu beocht agus tiomántas phobal na Gaeilge, go háirithe agus na cainteanna traspháirtí ag dul ar aghaidh faoi láthair,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge.

Dúirt an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóilíochta Carál Ní Chuilín go bhfuil ceist na teanga i lár ábhar na hidirbheartaíochta.

“Tá sé in am dúinn beart a dhéanamh do phobal na Gaeilge, gan ligint don chéad ghlúin eile a bheith thíos le heaspa cearta teanga,” arsa an tAire.

Seo chugaibh léargas ar an mhéid a thit amach ar chéimeanna an Fheidhmeannais…

Slógadh na nGael ag Stormont
Close
Close