September 2013 – Cad é a déarfadh Yeats?

September 2013 – Cad é a déarfadh Yeats?
Frithdhunadh BAC
Frithdhunadh BAC

Dónall Mac Giolla Chóill

Freagraíonn filí don saol thart orthu.

Cuireann an t-am ina maireann siad, agus an saol ina bhfuil siad ag gníomhú, claonadh ar a gcuid saothair.

Is cinnte, dá mba rud é go raibh WB Yeats ag scríobh sa lá atá inniu ann, go mbeadh an spealadh eacnamaíochta agus na beartais déine ag déanamh buartha dó.

Cá bhfios, in áit ‘Romantic Ireland’s dead and gone, It’s with O’Leary in the grave,’ nach mbeadh sé ag déanamh tagartha do: ‘It’s with Michael O’Leary and Ryanair’?

Nuair a shamhlaíonn tú Sráid Uí Chonaill sa lá atá inniu ann agus é a chur i gcomparáid le Sráid Sackville i 1913, ní aithneofá ceann amháin ar cheann eile.

In 1913, bhí Sráid Sackville ar cheann de na príomhshráideanna ba leithne ar domhan, i gcroílár dhara chathair Impireacht na Breataine, gan smál cogaidh nó réabhlóide leagtha air go fóill, ach amhail Shráid Uí Chonaill an lae inniu, an bochtanas le feiceáil i ngach aon ait.

Ní bochtanas fisiciúil amháin, ach bochtanas spioradálta agus cultúrtha chomh maith atá le feiceáil ar phríomhshráid na hÉireann.

Tá sé suntasach domsa ar a laghad gur ag deireadh na míosa seo caite nuair a bhí Fríthdhúnadh Mór Átha Cliath 1913 á chomóradh, gurbh iad siúd a bhí glórach i gcoinne a leithéide ná lucht tradála lár na cathrach.

“What need you, being come to sense, but fumble in a greasy till…”

Imní á léiriú ag na tradálaithe cathrach go gcaillfeadh siad airgead ar lá an chomórtha muna mbeadh cead ag busanna agus gluaisteáin fáil a fhad leo.

Dar liom, creideann siad gurb í an dóigh is fóirsteanaí le comóradh a dhéanamh ar shaol dearóil, anróiteach ár sinsear sa chathair sin, céad bliain ó shoin, ná caiteachas agus tomhaltachas a éascú, agus dearmad glan a dhéanamh orthu sin a d’fhualaing de dheasca bochtaineachta.

An bhfuil Yeats úr de dhíth orainn le dán molta a chumadh faoi Dr Quirkeys Good Time Emporium, lámh ar lámh, agus gualainn ar ghualainn le Rí na mBurgar agus Mac Uí Dhomhnaill, agus eagla a gcraicinn orthu go gcailfeadh siad na ‘pence and half-pence,’ nó go gcaillfeadh siad gach deis agus miondeis an smior a shú ónár gcnámha, agus gach maitheas a shú ónár gcróithe.

Tá muid an oiread sin anois faoi ordóg agus faoi chomaoin na ngnóanna móra is a bhíodh ár sinsear faoi chos William Martin Murphy céad bliain ó shoin.

Bhí Nollaig fuar ocrach a thuar dóibh siúd céad bliain ó shoin, agus tá an oiread céanna fíor sa lá atá inniu ann do na céadta míle duine fud fad na tíre seo.

Ach go fóill tá an séasúr fógraíochta tosaithe agus gan Oíche Shamhna imithe thart go fiú.

Táthar a chur in iúl do dhaoine atá ar an ghannchuid cheana féin, nach mór dóibh airgead nach bhfuil acu a chaitheamh le daoine beaga fud fad na tíre a shásamh, agus sonas a chur orthu.

Sásóidh siad daoine móra agus gnóanna móra ar fud na tíre agus airgead nach bhfuil ann á chaitheamh acu.

Tá muid giota maith ní ba bhochta inniu ná mar a bhí muid fiú céad bliain ó shoin, a fhad is a ligeann muid don lucht gnó, na bancanna agus an rialtas maireachtáil sa chomhcheilg seo atá ar bun acu, cos ar bolg a imirt orainn, agus muid a dhíol go saor, ach go daor ag an am céanna.

I mbreis agus dhá bhliain go leith, beidh comóradh eile ar siúl, comóradh chéad bliain Éirí Amach na Cásca, agus dá mba rud é go raibh éirí amach eile á bheartú um Cháisc 2016, bheadh aon Phiarsach nua-aimseartha idir dhá chomhairle, seilbh a ghlacadh ar Ard Oifig an Phoist, nó Dr Quirkeys Good Time Emporium.

Close
Close