Seiftiúlacht an Sun - Mainicíní Leathanach 3 ar ais

Seiftiúlacht an Sun - Mainicíní Leathanach 3 ar ais

Rinneadh idir cheiliúradh agus cháineadh nuair a baineadh mainicíní Leathanach 3 ón nuachtán The Sun an tseachtain seo.

Dúradh go raibh deireadh le griangraif na mban nocht siocair brú ón phobal agus achainní a shínigh 215,000 duine.

Pornagrafaíocht dhímheasúil a thug lucht feachtais ar ‘Page 3’.

Thosaigh Lucy-Anne Holmes ar an fheachtas in 2012 nuair a thug an nuachtán níos mó airde ar mhainicín nocht seachas ar an lúthchleasaí Sasanach Kelly Holmes a bhí tar éis bonn a bhuachaint sna Cluichí Oilimpeacha.

Shíl lucht feachtais go raibh leo, ach ní amhlaidh an scéil.

Cuireadh griangraif na mainicíní nochta ar ais sa nuachtán i ndiaidh sos seachtaine.

Ghabh lucht an nuachtáin buíochas le lucht tráchtaireachta agus feachtasaíochta as a gcuid cainte i gcaitheamh na seachtaine.

An raibh gá leis an tseift áirithe seo le haird a tharraingt ar na mainicíní in athuair? An bhfuil a bport seinnte i ndiaidh tréimhse 45 bliana?

Seo chugaibh tuairimíocht láidir faoi ról na gluaiseachta agus dearcthaí na bhfear i leith na ceiste…

Mainicíní leathanach 3 ar ais i Nuachtáin 'The Sun'.
Close
Close