Seachtain na Gaeilge 2015 seolta i mBéal Feirste

Seachtain na Gaeilge 2015 seolta i mBéal Feirste

Bhí lá mór ceiliúrtha i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in iarthar Bhéal Feirste Dé Sathairn agus ‘Seachtain na Gaeilge’ á seoladh go hoifigiúil don chéad uair ariamh sna Sé Chontae.

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a bhíonn ar siúl i mí an Mhárta achan bhliain, féile a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn, anseo in Éirinn agus thar sáile fosta.

Is iad an láithreoir teilifíse agus eagarthóir ar an iris ‘Nós’ Tomaí Ó Conghaile, agus an t-aisteoir agus láithreoir raidió, Clíona Ní Chiosáin, atá mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2015.

“Leiríonn an lá inniu nach bhfuil aon teorainn leis an teanga, go bhfuil pobal bríomhar Gaeilge ann fud fad na tíre agus go deimhin go hidirnáisiúnta chomh maith,” arsa Tomaí.

“Tá pobal na Gaeilge ag fás an t-am ar fad agus tá sé tábhachtach go ndéanann muid ceilúradh ar an méid atá ar siúl againn, mar aon le daoine úra a spreagadh i dtreo na teanga.”

Dúirt Clíona go raibh sí “ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ach ar bhealach nach gcuirfidh eagla nó brú ar dhaoine” agus í ag dúil go mór leis na himeachtaí ar a mbeidh sí féin ag freastal timpeall na tíre.

Chuir an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóilíochta Carál Ní Chuilín tús leis an lá le óhráid ar cé chomh láidir agus beoga is atá pobal na Gaeilge sna sé chontae.

Dúirt sí gur lá bródúil a bhí ann daofa go háirithe agus 10,000 duine cláraithe anois leis an fheachtas ‘Líofa’.

Bhain an scaifte a bhí i láthair an-sult as an lá.

Bhí léiriúchán de sheó bunaithe ar an chlár ‘Saol Faoi Shráid’ ag an chomhlacht puipéadóireachta Fíbín, agus bhí an lucht féachana fágtha stiúgtha le gáire, idir óg agus aosta.

Lá mór teaglaigh a bhí ann le go leor ceoil, ealaíne agus siamsaíochta.

Bhí na meáin Ghaeilge ann fosta le ‘Raidió Fáilte’ agus ‘BBC Blas’ beirt ag craoladh ar an lá.

Is iad grúpaí pobail, scoileanna, údaráis áitiúla, leabharlanna, eagraíochtaí cultúir, spóirt agus ceoil, agus grúpaí eile nach iad a eagraíonn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mórthimpeall na hÉireann agus an domhain.

Beidh imeachtaí ar súil fud fad na tíre idir seo agus 17 Márta le “níos mó ná 450 imeacht ar siúl ar fud an oileáin, níl an dara rogha ag daoine ach triail a bhaint aisti!, ”arsa Sinéad Ní Dhomhnaill, Bainisteoir Gníomhach Sheachtain na Gaeilge.

Seachtain na Gaeilge 2015 Seolta i mBéal Feirste

Daoine a bhfuil Gaeilge ón chliabhán acu agus dóibh siúd nach bhfuil ach cúpla focal agaibh, is féidir teacht ar imeacht i do cheantar féin ar shuíomh Sheachtain na Gaeilge www.snag.ie

Close
Close