'Scúp' na Seachtaine

Tá dráma nua teilifíse le tosnú ar BBC 2 Dé Domhnaigh seo chugainn. ‘Scúp’ an t-ainm atá air agus is sraith í faoi shaol pearsanta agus gairmiúil na ndaoine atá i mbun nuachtáin Ghaeilge i mBéal Feirste.

Scúp na Seachtaine / Sarah de Búrca

Beidh aisteoirí mór le rá le feiceáil sa dráma chomh maith le neart tallainne nua. Thosaigh an taifeadadh ag tús mhí Iúil agus chríochnaigh sé ag deireadh mhí Lúnasa 2012. Rinneadh an chuid is mó den taifeadadh i mBéal Feirste.

An comhlacht léiriúcháin atá taobh thiar de Scúp ná Stirling agus tá an tsraith maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Le linn an taifeadta fuair Sarah de Búrca an deis dul ar seit chun an ‘scúp’ a fháil.

Páipéar é ‘An Nuacht’ atá i dtrioblóid mhór. Is beag díol ata air, tá an nuachtán as dáta agus tugtar faoin iriseoireacht ar bhealach leisciúil, leithleasach – tá an t-úinéir, Diarmaid Black, réidh lena chaitheamh i dtraipisí ar fad agus nuair a fhaigheann eagarthóir an nuachtáin bás, tá an deireadh ar na bacáin muna bhfuil siad in ann athruithe móra a dhéanamh.

Bhí an chéad eipeasóid de Scúp le feiceáil ar TG4 aréir agus tá sé le feiceáil ar líne faoi láthair ach beidh an tsraith ag tosnú ar BBC2 ag a 10 a chlog oíche Dhomhnaigh.

Close
Close