Sceideal Fómhair TG4 seolta

Sceideal Fómhair TG4 seolta

Bhí scaifte breá baillithe le chéile agus sceideal an Fhómhair TG4 á sheoladh in Óstán Marker i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Tá go leor siamsaíochta, staire, spóirt agus spraoi gealta i gclársceideal nua TG4 do na míonna atá amach romhann…

Ag caint le hArd-Stúirthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, dúirt sé go raibh sé fíorshásta leis an mheascán mearaí d’ábhar a bhí sa sceideal úr. Chuir sé béim mhór ar bheochraoladh eisiach ar na cluichí Gaelacha agus sraith Guiness Pro 12, an rogha iontach do dhaoine óga agus seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha, mar aon leis an réimse de chláracha drámaíochta bheith le teacht an fhómhair seo ar TG4.

Cuireadh béim mhór fosta ar an dóigh a bhfuil TG4 á fháil anois, aon am, aon áit ar domhan. Dúirt an tArd-Stúirtheoir go raibh sé tábhachtach go raibh an staisiún anois ag freastal ar daoine ar an choigríoch.

Seoladh aipeanna nua na seirbhíse do theilifíseáin chliste le gairid, a fhágann go bhfuil siad ag na mór-dhéantúsóirí uile anois, tá feabhas agus uasdátú déanta fosta ar Sheinnteoir TG4 atá ar fáil ó aon bhrabhsálaí ar tg4.tv agus tá leagan feabhsaithe den Seinnteoir fosta anois ar fáil ar iPad.

Bhí Meon Eile i láthair don lá agus deis againn labhairt le cuid de na realtaí a bheidh le feiceáil ar ár gcuid scáileán an Fómhar seo.

TG4
Close
Close