Scéalta na dTrioblóidí - ón ghnáthdhuine go dtí an saighdiúir

Cuirfear tús le sraith chláir idir theilifís agus raidió anocht. Insíonn ‘Bhí mé ann’ scéalta faoi shaolta gnáthdhaoine le linn na dTrioblóidí, tráth ina raibh foréigean agus éiginteacht go flúirseach.

Thar thréimse ocht mbliana chuir ‘Glórtha Aduaidh agallaimh ar 140 duine ó gach taobh den chríochdheighilt ó thuaidh.

“Déanfaidh Glórtha Aduaidh doiciméadú ar shaincheisteanna na dTrioblóidí trí dhíriú ar na teaghlaigh a raibh baint dhíreach acu leis an choimhlint,” a deir léiritheoir na sraithe, Sonia Nic Giolla Easpaig.

Tá Ollscoil Uladh le cartlann dhigiteach a chruthú ina ndéanfar taifead ar scéalta na ndaoine a cuireadh faoi agallamh.

Craolfar an tsraith ar TG4, Raidió Fáilte agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón oíche anocht go ceann sé seachtaine.

Comhthionscnamh atá sa tsraith a léirigh Ligid Productions agus Westbic le tacaíocht ó Chlár SÍOCHÁIN III.

Seo chughat blaiseadh de scéalta na ndaoine a ghlac páirt sna cláir ón saighdiúir chuig an ghnáthdhuine…

Físeán agus íomhanna óna dtroiblóidí le caoinchead ó Ligid Productions

Craolfar céad chlár teilfíse na sraithe anocht ar TG4 @10.i.n. agus craolfar leagan raidió anocht fosta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta @8.30i.n. agus ar Raidió Fáilte @8.00i.n.

Close
Close