Saol agus Saothar - Maurice Hayes

An tseachtain seo i Saol agus Saothar labhraíonn Lynette Fay leis an Dr. Maurice Hayes.

Rugadh agus tógadh Maurice i gContae an Dún. Thosaigh sé amach ag obair mar mhúinteoir agus, i ndiaidh seacht mbliana, lean sé slí a athar nuair a ghlac sé post mar chléireach baile.

Tá Maurice tar éis an chuid is mó dá shaol a chaitheamh ag obair i ranna éagsúla sa tseirbhís phoiblí le linn phríomh-eachtraí na dTroiblóidí.

Bhí Maurice ar an chéad chathaoirleach ar an Northern Ireland Community Relations Commission agus bhí sé ina bhall ar an Coimisiún um Cheart an Duine chomh maith.

Ceapadh é mar Ombudsman i dTuaisceart na hÉireann agus tá neart tuarascálacha déanta aige ar chúrsaí ó dheas fosta maidir leis na Gardaí Síochána.

Chaith Maurice deich mbliana sa Seanad le linn thréimhse Bertie Ahern mar Thaoiseach.

Is fear mór Chumann Luthchleas Gael é Maurice Hayes chomh maith, a d’imir iománaíocht dá chontae agus é ag fás aníos. Cloisimid faoin ról a bhí aige féin nuair a bhuaigh Contae an Dún Corn Mhic Uidhir don chéad uair i stair CLG i 1960 agus an dóigh ar thóg sé a chroí.

Labhraíonn Maurice le Meon Eile faoin Sunningdale Agreement, ar a chuid tuairimí ar an ghaol idir an pobal ó thuaidh agus ó deas anois ar an oileán seo, agus ar chúrsaí sláinte sa Tuaisceart, ábhar faoi leith a bhfuil go leor stáideir déanta aige air thar na blianta.

Tá sé soiléir gur fear é Maurice Hayes a bhfuil an t-uafás bainte amach aige le linn a shaoil go dtí seo agus níor chuir se iontas ar éinne gur bhuaigh sé gradam ‘European Person of the Year’ i 2003 don méid a rinne sé.

Saol agus Saothar - Maurice Hayes
Close
Close