Rory Rafferty: “Ní raibh mé riamh istigh”

Tá cearta aeracha go mór sa nuacht faoi láthair agus tá greim daingean ag an ábhar ar an dioscúrsa poiblí.

Cé gur cinnte go bhfuil an lámh in uachtar ag grúpaí cearta aeracha sa díospóireacht sin a bheag nó a mhór, go fóill féin, níl pósadh comhghnéis ar fáil in Éirinn.

Tá reifreann ar an ábhar beartaithe don earrach sa Phoblacht ach beidh sé níos deacra pósadh comhghnéis a thabhairt isteach sa Tuaisceart leis an DUP agus an UUP ina choinne, Alliance scoilte ar an ábhar gan ach Sinn Féin agus an SDLP ag tacú leis, cé gur léir nach bhfuil gach duine sa SDLP ar aon fhocal faoin cheist.

Chuaigh Ciarán Dunbar i mbun chomhrá le Rory Rafferty (28) gníomhaire ar son cearta aeracha as an Iúr, faoi shaol, faoi ghníomhaíocht agus faoi chearta aeracha.

Tá Rory ina chathaoirleach ar an Newry Rainbow Community le 10 mbliana anuas agus is chomh-bhunaitheoir na heagraíochta é. Bhí baint aige le cúrsaí cearta aerach i Manchain Shasana agus i mBéal Feirste.

CD : Tháinig tú amach agus tú an-óg. An raibh tú gníomhach ón tús?

RR : Déanta na fírinne, tháinig mé amach nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois le m’athair is mo mháthair, mar sin de, duine a thosaigh amach go luath a bhí ionam.

B’fheasach dom cúrsaí gnéasachta ó aois an-óg, mar sin de, bhí mé amuigh sula raibh mé istigh go bunúsach, má tá aon chiall leis sin.

Ní raibh mé riamh ‘istigh’, más é sin an téarmaíocht a bhfuil fonn ort a úsáid.

CD : Bíonn an dearcadh steiréitipiciúil seo ag daoine faoina bheith ‘ag teacht amach’ – níor chuala mise trácht ar aon duine nach raibh riamh istigh, meas tú gurb é seo an gnáthrud amach anseo?

RR : Ní mheasaim.

CD : An mbeidh ar dhaoine ‘teacht amach’ i gcónaí?

RR : Níl a leithéid de rud ann agus an gnáthrud i sochaí na linne seo – cad é an gnáthrud?

CD : Tá dearcadh ann i measc daoine díreacha is dócha go bhfuil an próiseas ‘teacht amach’ ann – tá tú ag rá nárbh amhlaidh an cás i gcónaí?

RR : Ní amhlaidh an cás i gcónaí, tá an tuiscint seo atá ag an phobal heitrighnéasach de dhaoine ag teacht amach bunaithe ar an ghlacadh chucu féin go bhfuil gach duine heitrighnéasach.

An dtuigeann tú dá mba rud é nach raibh an glacadh sin ann ní bheadh aon ghá le teacht amach, an bhfuil a fhios agat má tá duine agat a bhfuil tú ag plé leis/léi a ghlacann leis go bhfuil tú heitrighnéasach nuair nach amhlaidh an cás i ndáiríre, mar sin caithfidh tú, mar a chuireann tú féin síos air mar theacht amach. Ní raibh an glacadh sin ann riamh maidir liomsa, ní le mo theaghlach go cinnte.

Ach an rud a dtugann tú ‘teacht amach’ air ní bhíonn sé sin curtha i gcrích agat go hiomlán choíche.

Nuair a bhuaileann tú le grúpa daoine nua, sa chás sin seans nach ionann an tuiscint atá acu ort agus an tuiscint a bheadh aige grúpa cairde ort agus is féidir go mbeidh ort a bheith ag teacht amach ar feadh an chuid eile de do shaol.

CD : Is é an bun-ghlacadh gan smaoineamh an cheist?

RR : Creidim é, ní dóigh liom go bhfuil próiseas teacht amach ann i ndáiríre, sílim i d’aigne féin go mbíonn a fhios agat go bhfuil tú i do homaighnéasach, roghnaíonn tú a rá leis na daoine a roghnaíonn tú insint dóibh, tá daoine áirithe níos rúnda ná daoine eile, roghnaíonn daoine eile é gan a rá le daoine eile.

Tagaim amach gach lá, nuair a bhuailim le daoine nua seans go nglacann siad go bhfuil mé pósta le bean, nuair déanta na fírinne, tá mé pósta le fear agus ní mór duit an duine sin a cheartú, tá tú ag teacht amach, arís is arís is arís eile.

CD : Labhraímis faoi scoil, mar bímis ionraic, duine ar bith atá ag léamh seo, beidh siad ag smaoineamh faoi sin, agus aon duine a bhfuil páistí acu beidh siad ag smaoineamh – muise, beidh sé seo an-chrua.

RR : Bhí scoil uafásach amach is amach, ní fiú ‘spin’ maith a chur air, bhí sé creathnach agus an bhfuil a fhios agat, má tá tú ag iarraidh an locht a chur ar dhuine ar bith, b’ormsa cuid den locht ar an ábhar níorbh fheasach dom faoi na deacrachtaí a bhí ann le ‘teacht amach’, mar a thugann tú féin air.

Ní raibh mé riamh istigh mar a dúirt agus ar scoil ní raibh sé riamh ina rún, agus rinneadh mé a chéasadh, rinneadh tromaíocht uafásach orm, ligeadh mún orm, goideadh mo mhála, fuair mé scairteanna gutháin i lár na hoíche chuig an teach, fuair mé bagairtí, rinneadh fuinneoga sa teach a bhriseadh, bhí sé chomh dona is a bhíonn sé agus níos measa arís.

CD : An mbriseann sé sin thú nó an ndéanann sé níos láidre thú?

RR : Déanann sé níos láidre thú, rinne sé an duine atá ionam inniu asam, ní bheinn i mo dhuine gníomhach ar an cheist – ach ní amharcaim orm féin mar ghníomhaire dáiríre amharcaim orm féin mar fhear déanta oibre. Ach tuigeann sé daingne intinne duit nach bhfaighfeá áit ar bith eile.

CD : Is gníomhaire thú, tá aird an phobail agat, tá cúrsaí aeracha ar an raidió, sna páipéir.

Anois, níor bhain tú gach rud amach atá uait ach is cinnte go bhfuil sé aird na ndaoine ag an phobal aerach agus is cinnte go n-aontaíonn mórchuid ollmhór de na meáin libh. Cad a ba mhaith leat bheith bainte amach sa dá bhliain amach romhainn?

RR : Sa dá bhliain amach romhainn, ba mhaith liom chomhionannas pósta ar an dá thaobh den teorainn. Ba mhaith liom deireadh leis an chosc fola [ar fhir aeracha ag deonú fola], sílim gur náire é sin amach is amach.

Ba mhaith liom go mbeadh dearcadh níos séimhe ag leithéidí an DUP i leith daoine LADT (LGBT), ba mhaith liom go mbeadh ár nAirí Oideachais ag obair le scoileanna le cinntiú go bhfuil ár ndaoine óga á dtógáil le hoideachas i bhfad níos cothroime maidir le gnéasacht.

Agus go cinnte ba mhaith liom go nglacfadh an tAire Sláinte [Edwin Poots DUP] freagracht as an phrácás inár fhág sé an córas sláinte agus go nglacfadh sé freagracht as an airgead ollmhór a chaith sé ag troid cath caillte leis na heagraíochtaí LADT.

CD : Agus i gceann caoga bliain cá háit a ba mhaith leis an phobal aerach a bheith?

RR : I gceann 50 bliain, ba mhaith liom go mbeadh ‘Bród’ díreach ina fhéile, ní ina riachtanas polaitiúil.

Ba mhaith liom smaoineamh nach mbeadh ar dhuine ‘teacht amach’ mar a rinne tú féin síos air ní ba luaithe.

Nach nglacfaidh daoine nuair a thiocfas duine amach as an bhroinn go bhfuil tú heitrighnéasach.

Nach sílfear go bhfuil homaighnéasacht mínormálta.

Agus go bhfágfar daoine óga chun iad féin a fháil seachas steiréitíopa a chur orthu.

CD : Tá mé ag déanamh teoiric ghinearálta anseo ach an measann tú go dtuigeann daoine díreacha daoine aeracha – meas tú go gcuirtear daoine aeracha i láthair mar aon-chultúr?

RR : Ní maith liom ginearálú a dhéanamh in am ar bith go cinnte agus ní maith liom ‘bosca iomlán daoine’ ach sílim nach dtuigeann tromlach ollmhór de dhaoine heitrighnéasacha daoine aeracha sa chaoi chéanna nach dtuigeann tromlach ollmhór d’fhir mná.

CD : An mbeifeá ag iarraidh go mbeadh a fhios ag daoine díreacha faoi gach rud a bhaineann le daoine aeracha.

RR : Bí cinnte nach mbeinn. Sin an fáth a bhfuil roinnt mhaith de na rudaí a dhéanann muid ó thaobh comhairleachta de ‘chomh-chultúrtha’, ciallaíonn sé sin más duine homaighnéasach thú ag dul fá choinne comhairleachta go bhfaigheann tú comhairleacht ó dhuine homaighnéasach eile.

Is í an chúis leis sin ná go bhfuil sé beagnach dodhéanta do dhuine nach raibh an taithí shaoil sin acu féin an taithí shaoil seo atá á fulaingt acu sin a thuiscint.

CD : Meas tú, in aon chomhrá a bhíonn ag daoine díreacha maidir le daoine aeracha go bhfuil grinniú ann ar ghnéas?

RR : Cinnte. Agus ní bhaineann sé le daoine heitrighnéasacha amháin, tá cuma ar an scéal go bhfuil gach duine dírithe ar ghnéas, agus arís sin an staid daonna, nuair a amharcann tú ar fheachtais mhargaíochta ar fud an domhain, ‘díolann gnéas’, tá gach duine grinnithe ar ghnéas, fir go háirithe.

Ach is cosúil go bhfuil an Eaglais grinnithe ar ghnéas fosta – nuair a labhraíonn siad faoi homaighnéasacht, ní labhraíonn siad faoi chaidreamh bunaithe ar an ghrá, ag íoc as morgáiste, is ag dul amach ar an Domhnach fá choinne lóin, labhraíonn siad faoina ndéanann daoine sa seomra leapa.

Agus arís, ní dóigh liom gur gá gur rud é seo a bhaineann le daoine LADT amháin, sílim go bhfuil gach duine grinnithe ar ghnéas.

Deir daoine go gcoinníonn airgead an domhan ag dul thart, déarfainn féin go gcoinníonn gnéas an domhan ag dul thart tríd is tríd.

Rinne mé agallamh fada cuimsitheach le Rory Rafferty, níl san alt seo ach sampla ón chomhrá sin (CD).

Close
Close