Reifreann Teorann le reáchtáil i ndeisceart Ard Mhacha agus tuaisceart Lú

Beidh reifreann neamhoifigiúil ar Éirinn Aontaithe á reáchtáil i ndeisceart Ard Mhacha agus tuaisceart Lú i gceann coicíse.

Tá paróiste an Chreagáin Uachtair – ina bhfuil Crois Mhic Lionnáin – roinnte ina dhá chuid ag an teorainn ach anois beidh deis ag muintir an pharóiste ar fad a dtuairimí a nochtú faoin teorainn chéanna.

Is é an grúpa nuabhunaithe ‘United Ireland – You Decide’ atá taobh thiar den reifreann a reáchtálfar Dé Sathairn 25 Bealtaine.

Deir Emma Mc Ardle, Cathaoirleach United Ireland, go gcothófar díospóireacht faoi na nithe maireachtála is mó tionchar ag an teorainn orthu le linn an fheachtais. “Tá sé in am ligint don phobal a gcinntí féin a dhéanamh faoi Athaontú na hÉireann,” arsa sí.

Thug Meon Eile cuairt ar sheoladh ‘United Ireland – You Decide’ i gCrois Mhic Lionnáin ar na mallaibh. Labhair muid leis an phobal áitiúil faoi agus d’fhiosraigh muid straitéis an ghrúpa oibre agus an cur chuige vótála.

Reifreann neamhoifigiúil ar Éirinn Aontaithe

Beidh díospóireacht ar Éirinn Aontaithe a reáchtáil i Halla na Croise, Crois Mhic Lionnáin anocht ag a 7.30i.n. faoi chaothaoirleacht an tiriseoir Eamonn Mallie.

Close
Close