Rath Shleacht Néill

Imreoidh peileadóirí sinsearacha Shleacht Néill i mbabhta cheathrú ceannais na hÉireann i Londain ar an Domhnach i gcoinne Naomh Ciarán.

Is i gceantar tuaithe i nDoire Theas atá cumann CLG Eíméid Shleacht Néill lonnaithe ach is ar fud na tíre agus na cruinne atá cáil orthu.

D’éirigh leo éacht a bhaint amach le déanaí nuair a thug siad leo Craobh Uladh sa pheil, san iománaíocht agus sa chamógaíocht.

Anois tá na trí fhoireann ag ullmhú don chéad chluiche eile.

Chuaigh Meon Eile chomh fada leo agus an fhoirne chamógaíochta i mbun traenála.

Cad is cúis leis an rath ar fad agus an bhfuil ceangal ag an Ghaeilge leis?

Sleacht Néill
Close
Close