An féidir an domhan a rialú le cineáltas? An bhfuil rud ar bith le foghlaim ag polaiteoirí ó pháistí? Sin an argóint atá ann idir Caoimhe agus Sadhbh as Ard Mhacha an tseachtain seo.
Páistí ag Rialú an Domhain
Múinteoir
Socraigí síos a pháistí
Agus suígí ansin go ciúin.
Ar chríochnaigh sibh na haistí?
Nó an bhfuil siad go fóill faoi rún?
Páiste
Rinne mise ceann a mhúinteoir
A thug dom sásamh agus sonas,
Faoin duine óg ina pholaiteoir
Faoi pháistí a bheith i gceannas!
Múinteoir
Nach maith thú féin a thaisce
Agus nach maith an tsamhlaíocht!
Ach tá do shaothar uilig in aisce
Ní thuigeann páistí polaitíocht!
Páiste
O tuigeann muidinne ceart go leor.
Nach bhfuil comhairle againn ar scoil!
Níl sa rialtas ach comhairle mhór
Léigh m’aiste, le do thoil.
Múinteoir
Cad é is fiú dom é a léamh
Nil ann ach brionglóidí.
Níl suim ag an rang i rialú.
A rang, cad é mian bhur gcroí?
Páiste
Milseáin, ríomhairí, bréagáin!
Ag dreapadh na gcrann is airde!
Féastaí, féiríní, seacláid!
Cluichí gach lá lenár gcairde!
Múinteoir
Sin é mo phointe go díreach,
Ní thig libh rialtas a reachtáil.
Post é atá deacair, gairmiúil.
Ní bhíonn páistí ach ag actáil!
Páiste
Ach ní ag actáil a bhíonn muid
Agus muid ag cuidiú lenár gcairde
Thiocfadh le daoine foghlaim uainn,
Fiú ceannairí na rialtas is airde.
Múinteoir
Foghlaim uaibhse, a thaiscidh!
An bhfuil tusa ag iarraidh a bheith dalba?
Bheadh cumhacht ró-dheacair ag páistí
Go simplí, níl sibh ábalta.
Páiste
Ach is léir nach bhfuil an mhuintir mhór
Ábalta a dhéanamh go maith
Nach iad a chuir tús le cogaí go leor
Den stuif sin – tá againn ár saith.
Múinteoir
Ach éist liom seo le do thoil
Tá dúshlán ró-dheacair romhaibh
Níl sibh ach cúpla bliain ar scoil
An bhfuil go leor ar eolas agaibh?
Páiste
Tá an ceart agat, tá muid óg,
Ach sin bua eile atá againn
Foghlaimíonn páistí go gasta gan stró
Is cuma cad é a chuirtear romhainn.
Múinteoir
Bheul cad é a dhéanfá dá mbeifeá sa rialtas?
Cad é a thiocfadh libhse a dhéanamh?
Ní thig libh an domhan a rialú le cineáltas!
Sin rud nach bhfacthas ariamh.
Páiste
Ní fhacthas go fóill ach ba chóir a bheith ann.
Ba chóir fiú triail a bhaint as.
Ba mhaith linn síocháin gach áit sa domhan
Cothrom na féinne is suaimhneas.
Múinteoir
Nár dheas a bheith sona is sásta
Tá m’argóint uilig bun os cionn
Léifidh mé cinnte do pháipéar
Beidh go leor le fáil agam ann.
Páistí (le chéile)
Beidh