POBAL - Cearta agus Ceiliúradh

Pobal ceart agus ceiliuradh

Bhí ‘Cearta agus Ceiliúradh’, ceann de mhór-ócáidí Gaeilge na bliana i dTuaisceart na hÉireann, ar siúl an deireadh seachtaine seo caite.

Reachtáladh é thar dhá lá i gcroílár Bhéal Feirste, ag toiseacht ar an Aoine le turas stairiúil bus i nGaeilge timpeall na cathrach.

Ach ba é an Satharn a chonaic na sluaite ag teacht le chéile chun tacaíocht a thabhairt don fheachtas ar son Acht na Gaeilge atá ar bun ag POBAL le tamall anuas, chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá déanta ag an phobal ar fad go dtí seo ar son an teanga.

Gheall Rialtas na Breataine Acht Gaeilge sé bliana ó shín ach tá pobal na teanga i dtuaisceart na hÉireann ag fanacht ar an reachtaíocht go fóill.

Chuir POBAL tús le ‘Cearta agus Ceiliúradh’ ceithre bliana ó shín le troid ar son cearta cainteoirí Gaeilge ó thuaidh agus bhí slua mór ann arís i mbliana le daoine óga, teaghlaigh agus scoileanna ag teacht ó gach cearn den tír chun páirt a ghlacadh ann.

Bhí Meon Eile i láthair ar an Satharn agus Janet Muller ó POBAL ag cur túis le himeachtaí an lae.

Bhí scannán de chuid NVTV faoin sár-obair a rinne na paistí sna scoileanna éagsúla agus iad ag maisiú scáthanna fearthainne go speisialta don pharáid mhór, á thaispeáint ar dtús.

Bhí an t-atmaisféar ar dóigh ag Halla na Cathrach – ceol, siamsaíocht agus dathanna le cloisteail agus le feiceáil agus gáire Gaelach na bpaistí ag cur go mór leis an lá.

Ba léir an bród agus an grá don teanga agus gach duine ag siúl lena chéile fríd lár Bhéal Feirste.

Chríochnaigh an pharáid ag Halla Uladh, áit ina raibh níos mó ceoil, siamsaíochta agus ealaíona Gaeilge ar siúl.

Bhí Réalt RTÉ Raidió na Gaeltachta é féin, Rónán Mac Aodha Bhuí, mar fhear an tí agus chraol Raidió Fáilte beo uaidh fosta.

I measc na siamsíochta sa Halla bhí oll-eachtraí ó Shocras Bhéal Feirste, lámhchleasaíoct ó Sheán Ó Faoláin, ceardlanna ilchultúrtha, damhsóirí GIs agus seastáin ó shiopaí agus grúpaí eile teanga.

Spraoi mór do gach duine a bhí ann ach le teachtaireacht sa lár – cosúil le scáth fearthainne sa bháisteach, tá Acht na Gaeilge de dhíth ó thuaidh chun an teanga agus cearta na gcainteoirí a chosaint.

Ní amháin sin ach ba í seo an chéad uair le 150 bliain anuas go raibh ócáid Ghaeilge i Halla Uladh, céim mhór eile i stair Bhéal Feirste.

Close
Close