Plúr na mban i mbun peile

Plúr na mban i mbun peile
peil na mban - corcaigh
peil na mban - corcaigh

Fearghal Mag Uiginn

Trí chluiche bhreátha a bheas ar an pheilchlár Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh ar lá mór Pheil na mBan, beo ar TG4.

In adharca a chéile ar dtús, ar an mheánlae, beidh Contae Aontroma agus Contae Lú sa chluiche ceannais sóisir. Ar a dó a thabharfaidh Port Láirge agus Ard Mhacha aghaidh ar a chéile sa chluiche ceannais idirmheánach agus ina dhiaidh sin, ar a ceathair (seift bheag, chliste ag lucht urraithe na gcomórtas,TG4?), beidh an choimhlint mhór ann idir na Muimhnigh sin nach bhfuil a dhath le foghlaim acu ó thaobh na peile de – Ciarraí agus Corcaigh.

Tá greim na mná báite ag Corcaigh ar Chorn Bhreandáin Uí Mháirtín le gairid.

Baineadh cúig chraobh as a chéile ó 2005 go 2009 san áireamh agus is iad mná Chorcaí Curaidh na hÉireann faoi láthair – ach níl Ciarraí gan taithí ar an ardán is airde.

Aon uair déag ar fad atá ainm Chiarraí greannta ar an chorn chéanna – a dhá oiread bua, chóir a bheith, is atá ag Corcaigh (6). Agus sin ráite, níor thóg Ciarraí an gradam ó bhí 1993 ann.

Níl Ciarraí féin gan taithí mar sin, ach tá an fhoireann chumasach seo gan taithí ar an lá mór agus seo an chéad chluiche ceannais ag na cailíní ar fad sa phainéal. Is dóigh liom gur buntáiste mór é sin ag Corcaigh ar an Domhnach, chomh maith leis an bhua 6 chúilín ar Chiarraí i gcluiche ceannais Chraobh na Mumhan.

Is léir go bhfuil cíocras, ocras agus faobhar ar ais ar Chorcaigh agus na himreoirí ag éisteacht go géar arís le hÉamann Ó Riáin. Bhí mná Mhuineacháin lán dóchais i mbliana, agus ábhar acu, ach sa bhabhta leathcheannais rinneadh smidiríní den dóchas sin nuair a nocht Corcaigh an chumhacht scórála atá san fhoireann.

2-15/0-12 a bhí ar chlár na scór ag an deireadh agus Nollaig Ní Chléirigh (1-05), Valerie Ní Mhaoilchathaigh (0-05), Juliet Ní Mhurchú (0-04) agus Rhona Ní Bhuachalla (1-00) mar chrá croí ag cosaint na nUltach ó thús deiridh. Dúshlán rómhór roimh Chiarraí?

Tuigeann bainisteoir Chiarraí, William Ó Súilleabháin, nach cumhacht scórála amháin atá ag Corcaigh ach cosaint docht, daingean fosta. Is maith Angela Breatnach bheith mar rogha arís ag Corcaigh fosta agus an-taithí ag an chosantóir dícheallach, cliste. Scóráil Muineachán 4-14 in éadan Mhaigh Eo sa bhabhta ceathrúcheannais ach níor aimsigh ach 0-12 in éadan Chorcaí.

Le dhá chluiche anuas, (cé nach féidir cluiche Dhún na nGall a chur san áireamh mar is ceart agus cuid mhaith den fhoireann ar bhainis teaghlaigh!), tá 10-42 aimsithe ag Corcaigh is ligeadh isteach 0-14 ach maidir le Ciarraí tá 1-23 aimsithe is 1-17 a ligeadh isteach.

Beidh an obair bhaile déanta ag William agus beidh ar a laghad imreoir amháin breise thiar sa chosaint ar feadh tamaill mhaith le tús tubaisteach a cheapadh.

Beidh an ról a thugtar do Lorraine Ní Scannláin spéisiúil. Is imreoir ildánach í a spreagann a bhfuil thart uirthi faoi lár na páirce nó chun tosaigh. Is iontach an léamh a bhíonn ar an imirt aici agus beidh an tseilbh a ghnothaíonn sé cinniúnach ag Megan Ní Chonaill, Sorcha Ní Uallacháin agus Deirdre Ní Chorradáin.

Beidh tionchar mór aige seo ar thoradh na coimhlinte féin. Ach nuair a bheas báire na fola ann agus nuair a thiocfas cúrsaí go cnámh na huilline, tá cuid mhaith ag brath arís eile ar an bhean rua, oilte sin Louise Ní Mhuircheartaigh. Is peileadóir ar ardchaighdeán í atá ar na tosaithe is fearr dá bhfaca mé féin le blianta beaga anuas.

Níl amhras orm ach go dtig le Ciarraí an fód a sheasamh agus is cinnte go bhfuil mianach sna cailíní seo ach tá roghanna ar an pháirc agus ar an taobhlíne ag Corcaigh nach bhfuil ag an chéile comhraic agus is dóichí gur ag na geanaithe dearga a bheas an lámh in uachtar.

Is beag idir Aontroim agus Conate Lú sa chluiche ceannais sóisir.

Bhain na hUltaigh an cluiche sraithe eadarthu ach na Laighnigh a bhain an choimhlint chraoibhe níba luaithe sa bhliain.

Coinnigh súil mhaith ar chaptaen Aontroma, Claire Nic an Tiompánaigh, as an Bhaile Meánach ó dhúchas, peileadóir den chéad scoith. Cé gur bhain Aontroim an chraobh féin trí bliana ó shin agus cé go bhfuil clú na gcúl ar na tosaithe, tá an Lú mar rogha bheag na coitiantacha agam leis an chorn a thógáil.

Beidh James Ó Dálaigh dóchasach go maith gur féidir le hArd Mhacha beart a dhéanamh sa chluiche ceannais idirmheánach in éadan Phort Láirge. Tá a fhios ag an bhainisteoir go bhfuil an cumas san fhoireann ach sin a léiriú ar an lá.

Ní fada ó bhí Ard Mhacha ag imirt ar an leibhéal sinsir agus tá an fhoireann seo ag bailiú nirt go deas réidh agus díreach in am – 4-14 sa bhua ceathrúcheannais agus 3-9 sa bhua leathcheannais in éadan Longfoirt.

Coinnigh súil mhaith ar uimhir 15 Ard Mhacha, Ceallaigh Ní Mhealláin, a bhain ceol as an eangach faoi dhó sa bhua leathcheannais. Ach ní ceart a bheag a dhéanamh de dhúshlán Phort Láirge agus a láidre is atá peil na Mumhan faoi láthair.

Beidh an cluiche seo idir dhá cheann na meá, cluiche eile cothrom fiú?!

Close
Close