Picéad roimh chlár Cormac@5 faoi chiorruithe Fhoras na Gaeilge

Picéad roimh chlár Cormac@5 faoi chiorruithe Fhoras na Gaeilge
Picéad

Ghlac dhá scór duine páirt i bpicéad faoi chiorruithe Fhoras na Gaeilge ó thuaidh roimh chraoladh chlár Cormac@5 ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich inné.

D’eagraigh Altram, Iontaobhas Ultach agus POBAL an picéad le haird a tharraingt ar chás s’acu. Meastar go gcaillfear timpeall 15 post sna ceithre eagras sa tuaisceart ar 30 Meitheamh.

Tá na heagrais ag impí ar an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín treoir a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge iad a chaomhnú trí chóras cónaidhme a fheidhmiú.

Bhí ionadaithe i láthair ó cheithre eagras roghnaithe, Foras na Gaeilge, Iontaobhas Ultach agus Sinn Féin.

Dhiúltaigh Gaelscoileanna agus Coláiste na bhFiann ionadaí a chur chun tosaigh le haghaidh na díospóireachta.

Close
Close