Oíche Chultúrtha ar shaothar Chlann Mhic Grianna

Rinne muintir Rann na Feirste agus na bailte taobh amuigh de taispeántas cuimsitheach ar na mallaibh de chuid leabharthaí Chlann Mhic Grianna agus na scríbhneoirí eile ón cheantar.

Bhí léacht ann ó Mhicheál Ó Domhnaill ar shaothar Chlann Mhic Grianna, seó aonair faoi Sheosamh Mac Grianna a léirigh Noel Ó Gallachóir agus ceolchoirm le Clann Mhic Ruairí.

Tháinig go leor daoine go hÁislann Rann na Feirste as gach cearn den cheantar chun an táispeantais spéisialta a fheiceáil agus bhí Meon Eile ansin le fáil amach cad é mar a chuaigh an oíche.

Oíche Chultúrtha ar Saothar Mhic Ghrianna
Close
Close