“Ní shlánóidh Acht Gaeilge muid ach is céim chun tosaigh é”

Naoise Ó Cairealláin

Gach aon lá anois, éirím ar maidin, ním m’aghaidh, scuabaim m'fhiacla agus suím síos le mo chuid bhricfeasta (Putóg dhubh go hiondúil, Cloch na gCoillte dála an scéil) a ithe agus léim na scéaltaí is déanaí ar Facebook.

Dia ar sábháil, ag caint faoi Acht na Gaeilge atá siad arís!

Ní raibh an oiread cainte seo faoin Ghaeilge sna meáin Bhéarla ó labhair Banríon Shasana cúpla focal den teanga s’againne.

Tá mé ag cur fúm anseo in iarthar Bhéal Feirste le 23 bliain agus ba í an Ghaeilge teanga an tí i gcónaí againn.

Agus ar ndóigh ní raibh Acht Gaeilge de dhíth orainn chun sin a dhéanamh, ná baol air.

Bhí an t-ádh dearg orainn, bhí máthair iontach againn a bhaist muid lenár dteanga dhúchais agus athair a bhí ag timireacht ar fud na tíre ar son na teanga.

Bhí sé greanta inár DNA, b'fhéidir.

Is cinnte nár labhair muid faoi Acht Gaeilge ariamh i dteach beag Gaelach s’againne.

Níor rith sé linn ariamh.

Cén bhaint a bheadh againn le reachtaíocht agus rudaí tábhachtacha mar sin?

Gnáthmhuintir na háite?!

Ach, anois agus mé ag smaointiú siar ar m’óige, níor shíl muid go raibh na seribhisí ná an fhostaíocht ná an tacaíocht sin tuillte againn.

Nach bhfuil Béarla breá againn ar fad?

Bheadh muid ag cur isteach orthu, a shíl muid ag an am.

Ghlac muid leis an ísliú céime sin.

Nuair atá dream faoi chois le hachar fada ama, creideann siad soiscéal na gcoilínithe, glacann siad leis an stádas a bhronntar orthu.

Mar gheall go gcreideann siad iad siúd atá i gceannas, síltear gur chóir iompú ar an Bhéarla, a dteanga a athrú agus a chinntiú nach gcuireann siad isteach ar dhuine ar bith. Sin an fáth.

Ach caidé a deir an dochtúir gan Ghaeilge leis an pháiste trí bliana d’aois gan aon Bhéarla chun é a chur ar a shuaimhneas?

Nó an fiaclóir nó an síciatraí leanaí?

Sin cúis go leor domsa a léiríonn go bhfuil Acht de dhíth orainn.

Tá muid ag éileamh saol IOMLÁN trí Ghaeilge.

Anois, ná bí den tuairim go bhfuil dallamullóg orm.

Níor thóg Acht Gaeilge Bóthar Seoighe, Bunscoil Phobal Feirste nó Meánscoil Feirste nó an Chultúrlann féin.

Ach dar ndóigh (Sin mo chatchphrase anois), ní chuirfidh Acht deireadh leis an obair.

Is í an rud a thóg na háiteanna sin ná meon agus fealsúnacht chun saol trí Ghaeilge a chruthú dúinn féin.

Cluinim corruair go mbíonn an bhuairt ar dhaoine go gcuirfidh Acht deireadh leis an dul chun cinn iontach atá déanta ag an Ghaeilge, mar a tharla ó dheas b'fhéidir?

Ach anois, a chara, smaoinigh faoi sin, cén fáth nach mbronnfadh an DUP an t-airgead orainn anois láithreach dá mbeadh sin amhlaidh?

Má shíl siad go gcuirfeadh sé deireadh leis an ídeolaíocht láidir atá i bpobal na Gaeilge, cad é atá an mhoill atá orthu?

De réir na teoirice sin, chuirfeadh an tAcht deireadh leis an ghnáthmhuintir ag bunú bunscoileanna, meánscoileanna, cumann óige srl?

Is í an fhírinne ghlan áfach nach gcuirfidh Acht deireadh leis an obair iontach sin ar fad agus inseoidh mé duit anois cén fáth.

Tá an fhealsúnacht ón dream a thug cicdhúiseacht cheart don athbheochan seo sna 60í greanta inár n-intinn.

Tá a bhfís ionann agus tá fiachras ionann chun í a fhíorú.

Tá ‘Na hAbair é, Déan é’ mar alaram a mhúsclaíonn muid ar maidin réidh don lá úr.

Réidh chun dúshlán ar bith a sharú.

Bíodh sin bunscoil a thógáil nó Gaeltacht uirbeach, nó airgead Líofa a shábháil nó maoiniú Ghlór na Móna nó Acht Gaeilge a éileamh.

Tá fostaíocht de dhíth, tacaíocht do theaghlaigh le Gaeilge sa bhaile, seirbhisí, infheistíocht agus meas.

Meas ar ár dteanga agus ar ár gcultúr, agus is é an tAcht Gaeilge an chéad chéim.

Close
Close