New Brunswick na nGael

New Brunswick na nGael

Oisín Montanari

Tá tús an Gheimhridh buailte linn anseo in Fredericton, New Brunswick, an chathair bheag a bhfuil cónaí orm ann le bliain go leith anuas.

Agus mé ag tabhairt aghaidh ar an dara seimeastar den dara bliain agam le St. Thomas, caithfidh mé a rá go bhfuil mo chroí istigh san áit, sna daoine, sa cheantar álainn agus sa phobal atá cruthaithe ag muintir Fredericton agus St. Thomas.

Táim faoi chomaoin mhór ag achan duine anseo i gCeanada agus siar in Éirinn a thug tacaíocht dom le linn mo thréimse anseo.

Tá áit lárnach ag an gcúige seo i stair na hÉireann agus ceangail láidir idir St. John, an chathair is sine i gCeanada, agus an tír seo againne ós gurb í an áit ar tháinig formhór de mhuintir na hÉireann le linn aimsir an Ghorta Mhóir.

Thug an tAire Heather Humphreys aitheantas don cheangal seo ar 23ú Deireadh Fómhair nuair a leagadh fleasc i gcuimhne do na hÉireannaigh a tháinig chuig na cúigí Atlantacha, nó na Maritimes mar a thugtar orthu, le linn aimsir an Ghorta Mhóir i gCearnóg Naomh Pádraig in St. John.

Tá an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach fite fuaite tríd dlúth agus inneach na cathrach seo. Tá an Ghaeilge le feiscint ar bhealach grinnslítheach agus cruthaitheach i measc lucht ealaíona na cathrach.

Eagraíodh oíche scoraíochta ar na mallaibh sa láthair nua ag Theatre New Brunswick anseo in Fredericton. Cuireadh an EP nua le Dillon Anthony (ceoltóir áitiúil) darb ainm ‘Four Stories’ ar an stáitse.

Ní amháin go raibh na hamhráin á gceol ag an ensemble (bhí triúr duine déag mar chuid de ag ceol) bhí na scéalta laistiar de na hamhráin á n-insint ag an údar.

Bhí ról nach beag ag an nGaeilge mar chuid den tionscnamh. Rinneadh aistriúcháin ar cheann de na hamhráin agus cuireadh an t-aistriúchán ar fáil mar chuid den ealaín ar chlúdach an albaim.

Beidh mé ag tabhairt aghaidh ar dhúshlán nua ar an 19ú de mhí Feabhra nuair a bheidh mé ag freastal ar an gcomhdháil atá á heagrú ag Cumann na Gaeltachta in Ottawa dar teideal ‘Ceanada, an Ghaeilge agus Éirí amach na Cásca 1916’. Is le dúthracht atáim ag tnúth le tabhairt faoin dúshlán seo agus seirbhísí ateangaireachta a sholáthar don chomhdháil, áit a mbeidh cainteanna spreagúla tugtha chun cinn gan amhras.

Cuireann mic léinn s’agamsa an-spéis sa Ghaeilge agus sa dóigh a dtéitear i ngleic le teanga nua a fhoghlaim. Bíonn siad seasta ag iarraidh teacht ar bhealaigh nua a teanga a úsáid lasmuigh de shuíomh an tseomra ranga.

Mar shampla, imríonn cuid de na fir óga ar fhoireann rugbaí na hollscoile agus d’iarr siad orm na treoracha a bhíonn acu don síneadh amach a aistriú le go bhféadfaidís dallamullóg a chur ar an bhfoireann eile!

Tá forbairt mhór tagtha ar staid an Léinn Éireannaigh anseo in St. Thomas i mbliana. Tá an- éileamh ar na ranganna Gaeilge a bhíonn ar siúl.

Tá cúrsa nua á sholáthar ag Roinn an Léinn Éireannaigh a chuirfear tús leis i mí Bealtaine chomh maith. Lines of Vision: Landscape, Art & Irish Writing an t-ainm atá ar an gcúrsa nua seo. Déanfar an cúrsa seo a chur ar siúl in Éirinn.

Chomh maith leis sin, cuireann an ICCANB (Irish Canadian Cultural Association New Brunswick) deontas ar fáil dóibh siúd a gcuireann spéis i staidéar na Gaeilge, deontas a bhfuil buaite ag duine de na mic léinn a bhfuil mar chuid den rang Gaeilge in St. Thomas i mbliana, bail ó Dhia uirthi!

Anuas air sin, cuireann muintir Fredericton i gcoitinne fíorspéis i gcultúr na hÉireann. Tá ceoltóir, fidléir anseo in Fredericton, dul a bheith ag tabhairt cuairt ar Inis Mór ar feadh seachtaine ag tús mhí na Bealtaine chun stíl fhidle an oileáin a fhoghlaim agus a thabhairt leis.

Is oth liom go bhfuil deireadh mo thréimse mar theagascóir Gaeilge anseo i gCeanada ag druidim liom. Tá taithí den scoth faighte agam, idir thaithí múinteoireachta agus taithí saoil nach sárófar go deo. Fad saoil don cheangal idir cultúr Cheanada is cultúr na hÉireann agus do mhuintir an dá thír!

Más mian leatsa cur isteach ar ICUF agus bheith i do Theagascóir Gaeilge in ollscoil i gCeanada is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo: http://www.icuf.ie/clar-gaeilge/teagascoiri/. Is é an spriocdháta d’iarratasóirí i mbliana an 5 Feabhra 2016.

Close
Close