Mná Uladh & Fir na hAlban buach ag Iomáin Cholmcille

Mná Uladh & Fir na hAlban buach ag Iomáin Cholmcille

Ba iad mná Uladh agus fir na hAlban a thóg an dá chorn leo ag Iomáin Cholmcille i nGaoth Dobhair. Is trí mheán na Gaeilge agus na Gàidhlig a eagraítear Iomáin Cholmcille, comórtas comhrialacha bunaithe ar an iomáint agus ar an chamánacht. Thriail foirne ó Uladh, Laighean agus Alba ar pháirc Mhachaire Gathlán le páirt a ghlacadh sa chomórtas.

Tharla trí rud den chéad uair i mbliana: eagraíodh comórtas na mban idir Uladh agus Alba, reáchtáladh an comórtas i nGaeltacht Thír Chonaill agus bhí Na Gaeil Óga as BÁC rannpháirteach i gcomórtas na bhfear.

Theip ar fhir Uladh Corn Cholmcille a choinneáil i ndiaidh a bhuachaint den chéad uair ariamh anuraidh. Bhí farasbarr dhá phointe ag Albain orthu sa chluiche ceannais.

Ba bheag stró a bhí ag mná Uladh agus foireann na hAlban curtha go droim seoil acu go compordach i gcluiche ceannais na mban. Sheas imreoirí Shléacht Néill chun tosaigh do mhná Uladh agus smacht ag na hUltaigh ar an chluiche ó thús deireadh.

Eagraíodh comórtas na n-óg i mbliana idir Gaelcholáiste Dhoire, Gaeil Charn Tóchair agus CLG Ghaoth Dobhair.

Is in Albain a bhéas Iomáin Cholmcille 2016 siocair go n-athraítear cúraimí óstála an chomórtais idir Éire agus Albain go bliantúil. Eagraítear é faoi scéim Cholmcille atá faoi choimirce Fhoras na Gaeilge.

Seo chugaibh cúlra, léargas agus buaicphointí ó Iomáin Cholmcille 2015…

Mná Uladh & Fir na hAlban buach ag Iomáin Cholmcille

Stair Iomáin Cholmcille

2014: Fir Uladh 14, Alba 6 (Glaschú)

2013: Micheál Breathnach 31, Alba 5 (Cois Fharraige)

2012: Eilean Sgitheanach 17, Micheál Breathnach 14 (Eilean Sgitheanach)

2010: Micheál Breathnach 15, Alba 13 (Cois Fharraige)

2009: Alba 30, Micheál Breathnach 7 (Eilean Sgitheanach)

2008: Micheál Breathnach 18, Alba 12 (Cois Fharraige)

2007: Micheál Breathnach 12, Alba 7 (Oban na hAlban)

Close
Close