MISNEACH – gluaiseacht radacach Ghaeilge faoi sheol

MISNEACH – gluaiseacht radacach Ghaeilge faoi sheol

Seoladh ‘Misneach’ gluaiseacht radacach Ghaeilge i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.

‘Todhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha laethúil’ ab ea téama an imeachta.

Deir Misneach go n-eagrófaí cruinnithe i mbailte na hÉireann amach anseo agus go bhfuil sé mar sprioc acu athghabháil na Gaeilge a chinntiú agus ‘guth radacach’ a nochtadh i gcoinne iad siúd a chuireann cosc ar athbheochán na teanga, dar leo.

Seo chugaibh tuairisc óna gcéad chruinniú…

MIsneach

Misneach sna 1960aidí -

Bhí ‘Misneach’ eile ar an saol faoi stiúir Mháirtín Uí Chadhain sna 1960í. Tá spriocanna comhchosúla idir an ghluaiseacht nuabhunaithe agus gluaiseacht an Chadhanaigh.

Bhunaigh an Cadhanach agus roinnt comrádaithe leis ‘Misneach’ mar gheall ar an easpa dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag gluaiseacht oifigiúil na Gaeilge, dar leo. Bhí sé mar bhunsprioc acu cuspóirí Éirí Amach na Cásca 1916 a chomhlíonadh.

Thóg Misneach faoi agóidíocht rialta ina gcoinne siúd nach raibh fabhrach i leith na Gaeilge.

Seo roinnt samplaí den saghas agóidíochta a bhí idir lámha acu…

I 1963, rinne Misneach stocaireacht le linn na hoíche ar theach cónaithe an Taoisigh, Seán Lemass, fhad agus bhí triúr iascaire as Inis Bearacháin, Conamara, á gcoinneáil i bpriosún siocair gur dhiúltaigh siad rátaí cánach a íoc.

Ligeadh na hiascairí saor chun bealaí go gairid ina dhiaidh sin.

Le linn chomóradh 50 bliain Éirí Amach na Cásca i 1966, thóg trí dhuine dhéag i mBaile Átha Cliath agus seisear eile i gCumann Chluain Ard, Bhéal Feirste faoi stailc ocrais seachtaine siocair neamairt an Stáit i léith na Gaeilge agus na Gaeltachta, dar leo. Rinne meáin ar fud na cruinne tráchtaireacht ar an stailc ocrais.

I bhFómhar na bliana céanna, bunaíodh gluaiseacht nua ‘Language Freedom Movement’, a raibh sé mar aidhm acu críoch a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach scoile ó dheas.

Bhí leithéid Séamus Ó Grianna agus John B. Keane i measc lucht a dtacaithe.

Rinne Misneach ionsaithe ar chruinnithe na gluaiseachta agus rinne siad diancháineadh ar a gcuid polasaithe fosta.

Níor eascair aon athruithe i bpolasaithe Rialtais as oibreacha na gluaiseachta úd.

Close
Close