Marc ard i gcigireacht na gColáistí Samhraidh

Marc ard i gcigireacht na gColáistí Samhraidh

Tá ardmholadh tugtha ag cigirí na Roinne Oideachais agus Scileanna do chaighdeán na gcoláistí samhraidh, gan ach mion-laigí aitheanta acu ina dtuairisc chigireachta.

Aithnítear ról na gcoláistí samhraidh i gcothú dearcadh dearfach i leith na teanga agus cumas labhartha na mac léinn a fheabhsú.

Thug 17 cigire ón Roinn Oideachais cuairt ar cheathrú cuid de choláistí samhraidh anuraidh.

Scrúdaigh siad bainistíocht, múinteoireacht agus gníomhaíochtaí iarnóin na gcúrsaí.

Tugtar le fios sa chigireacht gur fhreastail 18,130 dálta ar 126 cúrsa a eagraíodh in 2014 – laghdú 6% ar 2013. Léirítear go raibh tarraingt níos mó ar Choláiste Lurgan (2,266 dálta) ná iomlán na gcoláistí samhraidh i gcúige Mumhan le chéile (2,017 dálta).

Foinse: Tuairisc Chigearachta na Roinne Oideachais agus Scileanna 2014
Foinse: Tuairisc Chigearachta na Roinne Oideachais agus Scileanna 2014

Labhair Meon Eile le Príomhoide Choláiste Bhríde, Rann na Feiriste i nDún na nGall, Niall Ó Sluain, áit a raibh cigireacht déanta uirthi anuraidh, maidir lena léamh ar thuairisc na Roinne…

Coláiste Bhríde

Bunaíodh cigireachtaí na gcoláistí samhraidh ar chúig shlat tomhais a díríodh ar reáchtáil na gcúrsaí agus ar an mhúinteoireacht. Léirítear ardmharcanna sa chuid is mó den chritéir mheasúnaithe.

Foinse: Tuairisc Chigearachta na Roinne Oideachais agus Scileanna 2014
Foinse: Tuairisc Chigearachta na Roinne Oideachais agus Scileanna 2014

5 rud suntasacha sa chigireacht

  • Moladh cur chuige gairmiúil na gcoláistí i dteagasc agus i gcothú líofachta na mac léinn
  • Moladh an mhuinín a léirigh na mic léinn ina gcumas labhartha agus ina ndearcadh faoin Ghaeilge
  • Iarradh go gcuirfí breis bhéime ar úsáid na teicneolaíochta sa seomra ranga
  • Aithníodh laigí pleanála i dteagasc i measc múinteoir as triúr a scrúdaíodh
  • D’eagraigh na cigirí fócasghrúpaí leis na daltaí den chéad uair agus áiríodh sásamh ard ina measc

Coláiste Lurgan ar an cheann is mó in Éirinn

Foinse: Tuairisc Chigearachta na Roinne Oideachais agus Scileanna 2014
Foinse: Tuairisc Chigearachta na Roinne Oideachais agus Scileanna 2014

Tá sé tugtha le fios i dtuairisc na cigireachta go bhfuil Coláiste Lurgan, a bhfuil clú bainte amach aici lena bhfíseáin cheoil, ar an choláiste samhraidh is mó in Éirinn.

D’fhreastail breis agus dhá mhíle mic léinn ar a gcúrsaí anuraidh. Tá Coláiste Mhuire, Loch an Iúir, ar an choláiste samhraidh is mó i gcúige Uladh.

Close
Close