#LNMS17 á cheilúradh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge

Ar cheann de na himeachtaí deireanacha de chuid Seachtain na Gaeilge 2017 bhí ócaid speisialta do dhaltaí meánscoile na tíre i gceannáras Facebook i mBaile Átha Cliath chun ceilúradh a dhéanamh ar #LNMS17 (Lá Na Meán Sóisialta).

Bhí beirt ambasadóirí de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017 i láthair, Miriam O’Callaghan a bhí mar bhean an tí agus Micheál Ó Ciaraidh a bhí ar an phainéal cainteoirí, agus iad i gcuideachta Cara Nig Fhearraigh ó Facebook, Cormac Breathnach ón bhFoclóir Nua, Niamh Ní Chróinín ó Raidió Rí-Rá agus Edel Ní Bhraonáin ó CLG Na Gaeil Óga.  

Rinne na painéalaithe cur síos ar an Ghaeilge mar theanga bheo bhríomhar, mar theanga cumarsáide a úsáideann siad achan lá taobh istigh agus taobh amuigh den obair.

Bhí lá ar dóigh ann agus críoch dheas le Seachtain na Gaeilge 20017.

Labhair Meon Eile leo siúd a bhí i láthair...

Close
Close