Laghdú mór ar líon na mac léinn Gaeilge in Ollscoil Uladh

Tá laghdú mór i ndiaidh theacht ar líon na mac léinn lánaimseartha atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge in Ollscoil Uladh ó bhí an bhliain seo caite ann.

Is de bharr chóirithe na hOllscoile féin, a chuir deireadh leis an chéim Ghaeilge a bhí acu ar champas Bhéal Feirste, atá an titim seo.

Is ar Champas Mhig Aoidh, Doire, amháin atá céim lánaimseartha sa Ghaeilge ar fáil ag Ollscoil Uladh i mbliana, áit a bhfuil 16 mac léinn cláraithe ar an chúrsa mar a thuigtear dúinn.

Mar chuid den phróiseas cuíchóirithe d’fhógair Ollscoil Uladh go raibh spásanna do 35 mac léinn á dtairiscint acu ar an bhunchéim i nDoire don fhómhar seo ar aghaidh, ach de réir mar a thuigtear do Meon Eile níl fiú 50% den chúrsa líonta.

Is laghdú suntasach é seo ar an 49 mac léinn a thosaigh amach ar an chéim chéanna in 2014, nuair a bhí an bhunchéim ar fáil i gCampus Bhéal Feirste chomh maith le Campus Mhig Aoidh.

Rinne 56 duine iarratas ar an bhunchéim lánaimseartha i mBéal Feirste in 2015, cé nár glacadh ach le scór acu sin.

Tá sé ar intinn ag Conradh na Gaeilge cruinniú a eagrú leis an Ollscoil sna seachtainí amach romhainn le moltaí s’acu a phlé agus iarraidh ar an Ollscoil cúrsa lánaimseartha a chur ar fáil arís i mBéal Feirste.

Laghdú mór ar líon na mac léinn Gaeilge in Ollscoil Uladh - Conradh na Gaeilge

Rinne muid teagmháil leis an Ollscoil maidir le líon na mac léinn atá cláraithe i mbliana. Dúirt urlabhraí de chuid na hOllscoile le Meon Eile:

“We are still in the process of collating and it wouldn’t be appropriate to share figures at this stage – official figures will be available at a later date”

Mar chúlra ar an scéal, chuir Ollscoil Uladh tús leis an chéim lánaimseartha sa Ghaeilge i mBéal Feirste sa bhliain acadúil 2012/13.

Bhíodh Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge suite i gCúl Raithin agus aistríodh é chuig Campas Mhig Aoidh i gCathair Dhoire in 2013.

Le haistriú na Scoile Gaeilge ó Chúl Raithin go Doire, thit líon na mac léinn a raibh cead acu tabhairt faoin chéim sa Ghaeilge ó 25 go 20 duine.

In ainneoin infheistíocht chaipitil na hOllscoile, tá ciorrú na céime lánaimseartha mar chuid de mhórchiorrú atá á dhéanamh ag an Ollscoil ar fud na cúige.

D’fhógair Ollscoil Uladh ciorrú ar 1,200 áit ollscoile sna sála ar chiorrú beagnach £9 milliún a rinne an t-iar-Aire Fostaíochta agus Foghlama Stephen Farry ar a bhfóirdheontais anuraidh.

Tháinig an chéim lánaimseartha sa Ghaeilge i mBéal Feirste faoi thua na gciorruithe seo agus cuireadh deireadh leis anuraidh.

Bhí go leor conspóide faoi na cinntí seo nuair a briseadh an scéal, agus tá go fóill.

Tá pobal Gaeilge Bhéal Feirste agus pobal na Gaeilge i gcoitinne ag tacú go mór le feachtas le céim lánaimseartha sa Ghaeilge a thabhairt ar ais go Béal Feirste.

Labhair muid le roinnt daoine a bhí i láthair ag agóid taobh amuigh d’Ollscoil Uladh i mBéal Feirste ar na mallaibh agus iad ag léiriú a míshástachta faoi na cóirithe agus na cinntí a rinneadh.

Agóid ag Ollscoil Uladh Bhéal Feirste
Close
Close