'Innisfáil' - Ar ais le chéile arís!

In 1995 tháinig seachtar stócach óg as Rann na Feirste le chéile le banna ceoil a bhunú. An t-ainm a bhí ar an bhuíon sin ná ‘Innisfáil’.

De réir mar a d’fhás siad aníos, idir teaglaigh agus postanna, chuaigh siad ar a mbealaí féin.

Bhain Inisfáil clú amach i lár na 90í ag déanamh camchuairte fud fad na tíre agus níos faide i gcéin arís.

Ceann de na cuimhní is fearr atá acu ná bheith ag seinm os comhar 10,000 duine ag Féile an Phobail anseo i mBéal Feirste féin.

Anois scór bliain ina dhiaidh sin agus tá seisear as an seachtar ag teacht ar ais le chéile ar feadh oíche speisialta amháin.

Beidh Dónall Mac Ruairí, Aodh Mac Ruairí, Conall Ó Domhnaill, Joe Mac Grianna, Dónall Doogan agus Bernard Ó Duibheannaigh ag teacht le chéile ar an 7ú Feabhra in Óstán ‘An Chúirt’ i dTír Chonaill, le hoíche mhór cheoil agus siamsaíochta geallta.

Leo fosta beidh Aodh Beag Ó Duibheannaigh, Joe Mhici Jimmy agus John Michael, chomh le Clann Mhic Ruairí.

Ta an oíche seo a heagrú ag Clann Uí Dhubheannaigh chun airgead a bhailliú ar mhaithe leis an ‘James Connolly Memorial Hospital’.

Tá cónaí ar dheartháir Bernard, Adrian, san otharlann seo i rith a shaoil. Is otharlann speisialta í do dhaoine atá faoi mhíchumas.

An mbeidh oíche amháin i gceist nó an bhfeicfidh muid Innisfáil ar ais i mBéal Feirste arís?

Beidh orainn fanacht, ach tá rud amháin cinnte – beidh oíche go maidin ann ar an 7ú Feabhra sa Chúirt.

'Inisfáil' - fiche bliain níos sine / 'Inisfáil' - fiche bliain níos sine
Close
Close