Inis Seo Dom! Tony Devlin

Is é an t-aisteoir clúiteach, Tony Devlin, atá i mbún comhrá linn ar Inis Seo Dom! inniu.

Tá clú ar Tony as siocair a chuid aisteoireachta ar stáitse, ar an scáileán bhag agus leoga ar an scáileán mór fosta. Bhí páirteanna aige i Breakfast on Pluto, Hart’s War agus Band of Brothers.

Is as iarthar Bhéal Feirste do Tony, a fuair a chuid oiliúna i scoil amharclannaíochta Mountview i Londain Shasana.

Naoi mbliana ó shin d’fhill sé ar chladaigh na hÉireann chun dul i mbun aisteoireachta ar an tsraith ‘Marú’ ar TG4 agus tá a chomhlacht amharclannaíochta féin, Brassneck Theatre, faoi sheol aige le seacht mbliana anois.

Labhair muid le Tony faoina óige i mBéal Feirste, faoina chaitheamh aimsire agus a chuid nósmhaireachtaí…

Tony Devlin
Close
Close