Inis seo dom! Niall Mac Eamharcaigh

Is é an t-aisteoir agus scríbhneoir, Niall Mac Eamharcaigh, atá i mbún comhrá linn ar Inis Seo Dom! an tseachtain seo.

Is as Rann na Feirste ó dhúchas é Niall agus ceathrar clainne aige. Bhí Niall i gcónaí ag iarraidh bheith ina aisteoir ó bhí sé ina ghasúr óg agus an ghairm sin bainte amach aige go maith thíos fríd na blianta.

Bheadh aithne den chuid is móagainn air mar ‘John Joe’ as an sobaldráma ‘Rós na Rún’ nó ón chlár grinn C.U. Burn, sraith a scríobh agus a stiúir sé i gcuideachta a charad, Aodh Beag Ó Duibheanaigh.

Chas Meon Eile ar Niall le gairid le haithne níos fearr a chur air agus le fáil amach cad é a thaitníonn leis sa saol agus cad iad na rudaí a chuireann as dó…

Inis seo dom! Niall Mac Eamharcaigh
Close
Close