Idir Mise agus Tusa - Mura dtaga leat tar leo!

Idir Mise agus Tusa - Mura dtaga leat tar leo!

Síleann an bhean óg go bhfuil an teicneolaíocht ‘go hiontach’, ach dar leis an tseanbhean gur amaidí mhór atá ann. Cé acu a bhfuil an ceart? Sin argóint na seachtaine seo – á cur i láthair ag Duána agus Bláithín as Bhéal Feirste.

Idir Mise agus Tusa

Seanbhean

Tá nimh ins an ghaoth sin, a Bhrídín a stór-

Beir leat hata ‘gus scairf agus cóta breá mór,

Agus miotógaí olla – dhéanfaidh sin tú

Is do bhuataisí nua is do stocaí deasa tiubh’.

Bean óg

Gabh mo leithscéal a Mhóraí níor chuala mé tú.

Bhí mé’g facetimeáil Síle – tá sí ‘muigh i bPeiriú

Le turas na scoile – nach méanar di é?

Fuair mé téacs fada uaithi tráthnóna inné.

Seanbhean

Níor chuala tú mise ‘s ní hannamh duit sin!

Do ghaosán sa ghuthán, is súile do chinn,

Gan cluas ort le Granaí ná aird ar mo ghlór.

Sáigh an seanghléas sin i do phóca a stór!

Beag óg

Fan bomaite bídeach a Mhóraí a chroí,

Tá mé’g cuardach ar Amazon – eolas de dhíth,

Ní ghlacfaidh sé soicind – geallaim óm chroí

Suigh tú féin siar agus lig do scíth.

Seanbhean

An dtig liom do cheartú a rún, le do thoil?

Murar athraigh an léarscáil ó bhí mise ar scoil…

Bhí mé maith ag tíreolas a Bhrídín a rún,

Is tá’n Amazon sa Bhrasaíl agus chan i bPeiriú!

Bean óg

Tá an teicneolaíocht go hiontach a Mhóraí a stór.

Thig leat labhairt leis an teaghlach – áit ar bith ins an domhan.

Ceist ar bith atá agat – bíodh sí furast ná crua -

Beidh’n freagra ag Google i bhfaiteadh na súl.

Seanbhean

Facetimeáil’s Google is amaidí mór,

In ainm an Tiarna fág uait an diabhal fón!

Bíonn tú sáite sa scáileán ó mhaidin go neoin!

Go sábhála Dia sinn – nach dona an t-aos óg!

Bean óg

Tá mé buartha a Mhóraí tá mé chóir a bheith réidh,

Tá dea-scéal agam duit dála an scéil,

Rugadh cúpla do Róisín – mac agus iníon

Is nach deas iad na hainmneacha – Niamh is Oisín?

Seanbhean

Órú beannú’r an leanbh nach galánta an dís?

Nach iontach an scéal é – taispeán dom iad arís.

Is iad pictiúr na máthar iad bos agus cos!

Anois múch an seanfón sin agus tabhair dó sos!

Bean óg

Tím fógra anseo go bhfuil Daniel le theacht,

Bhal Daniel ‘gus Nathan ‘gus Derek le bheith beacht,

Go Halla na Cathrach ag deireadh mhí Iúil,

Ócáid mhór Country & Western ar siúl.

Sean bhean

Órú imeoidh na ticéid mar an sneachta roimh ghrian

‘mo shuí thuas ‘chois Daniel – ba sin é mo mhian,

Chaill mé anuraidh é – ní raibh ticéad le fáil,

Chaith mé an oíche sa bhaile ag cleiteáil!

Bean óg

Ná caill d’uchtach a Mhóraí a chroí,

Tá wifi’r mo ghuthán – thig liom dul ar an suíomh.

Ticketmaster – sea sin é – anois tabhair dom do Visa

Cúpla cnaipe a bhualadh ‘gus paidir chuig Íosa!

Seanbhean

Ó ceannaigh dom beirt acu ‘Bhrídín a stór,

Ceann dom féin is ceann eile do mo chara Péig Mhór.

Bhfuil cúpla ceann fágtha? –Déan deifir a chroí

Ó beidh cúpla ceann fágtha, le cuidiú an Rí!

Bean óg

Sin muid a Mhóraí dhá thicéad – ró “B”,

Beidh tú thuas ‘chois Daniel – grá geal do chroí.

‘nois ‘dé do bharúil den ifón a Trí?

Ní rachfá chuig Daniel go brách murach í.

Seanbhean

Bhal is fíor duit a thaiscidh gan amhras gan bhréag

Tá’n t-am agam ceann acu ‘cheannach dom féin!

Beidh mé’r You-tube ‘sar Facebook is ag skypeáil go buan

Do bharúil ‘dé’n guthán ab fhearr dom a rún?

Bean óg

Tig ciall le haois a Mhóraí a rún,

‘s dá mbeadh GPS agat ní rachfá amú,

Samhlaigh péire breá cluasán ort – ‘s Daniel ag ceol!

Mholfainn duit Tablet ós iadsan is mó.

Seanbhean

Ó leoga a leanbh tá mo sháith ‘gam is go leor

De na seantablets gránna – ní iarraim níos mó!

Beidh guthán deas úr agam is clúdach deas óir

Is cá mbeadh an seandream achab é an t-aos óg?

Close
Close