Grúmaeireacht na bhFear - thar am nó thar fóir?

Michaeline Donnelly

Le blianta beaga anuas tá grúmaeireacht na bhfear i measc na n-earnálacha is mó fás sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn, ach an bhfuil na fir anois faoin iomarca brú ó thaobh cuma fhisiceach de?

Chuir mé ceist ar dhaoine ar Facebook, Twitter agus sa ghnáthshaol agus caithfidh mé a rá go raibh an chuid is mó acu idir fhir agus mhná ar chomh-intinn maidir leis an cheist seo – tá maothóir agus ciaradh go breá, ach gearrtar an líne le dath bréige gréine agus smideadh – níor mhaith linn ‘manscara’ nó ‘guyliner’ a fheiceáil!

Rinneadh suirbhé ar na mallaibh agus tháinig sé chun cinn go gcaitheann na fir ar an mheán idir 45 agus 60 nóiméad ag fáil réidh gach maidin i gcomparáid le 55 do na mná. Ní dhearfainn go gcaithfinn féin an méid sin ama ag fáil réidh, agus mar sin cad é go díreach atá a dhéanamh acu?

Bhuel tá aithne agam ar fhear amháin a bhfuil giodal ina thóin aige, i bhfad níos mó ná bean ar bith – glacann sé níos mó féiníní ná duine ar bith eile ar m’aithne!

Baineann seisean úsáid as gach cineál cleas lena chraiceann a choinneáil ar nós tóin babaí (uachtar frithroctha ina measc), agus a gruaige a choinneáil díreach mar atá (péire díritheoirí gruaige níos fearr aige ná mar atá agam féin!) Anois caithfidh mé a rá nach rachadh sé chomh fada le leapacha gréine nó smideadh a úsáid, ach is metrosexual é gan dabht ar bith, agus an-dúil aige i bhfaisean.

Ach an drochrud é an treocht seo? Is deas liom go dtuigeann na fir anois an oiread iarrachta a chuireann na mná isteach agus an méid brú atá orthu, ach ar an iomlán, b’fhearr liom féin cuma níos nádúrtha (do nádúrtha léigh shabby) a bheith ar na fir!

Sin ráite, is breá liom ag amharc siar ar cláir ar nós Mad Men, agus é suite in am agus áit inar chuir na fir agus na mná ar aon iarracht ollmhór isteach. Ní dhéanann sé dochar ar bith do na fir ‘suit up’ ó am go chéile mar a deir Barney Stinson!

Creidim féin go bhfuil na fir faoi níos mó bhrú anois corp maith a bheith acu trí am a chaitheamh sa gym, ná mar atá le craiceann nó gruaige deas a bheith acu- is cúis grinn go fóill é grúmaeireacht na bhfear in áiteanna áirithe.

Féach mar shampla ar Mugsy nó Eoin Mulligan lena bhearradh gruaige nua agus dath bréige gréine mínádúrtha agus é mar ‘pundit’ ar an chluiche inné.

Ag amharc ar na tráchtanna a bhí le feiceáil ar na meáin shóisialta aréir, níl an cosúlacht ann go bhfuil muintir na hÉireann réidh dá leithéid.

Sin ráite, tá an-tóir go deo ar bhlag iar-imreoir eile, Paul Galvin a bhíonn ag plé le cúrsaí faisin agus áilleachta do na fir. Gan amhras ar bith, is na réaltaí móra spóirt atá chun tosaigh ar chúrsaí áilleachta na bhfear.

Cé a shéanadh ach gur íocón stíle é David Beckham lena sarong agus ‘designer stubble’?

Seo uilig ráite, sílim féin gurb iad na mná is mó a bhíonn faoi bhrú ó thaobh cuma fhisiceach de go fóill.

Smaoinigh mar shampla ar chlúdach an Daily Mail ar athrú airí a tharla an tseachtain seo caite i rialtas na Breataine: scagadh agus spiocadh ar a bhí á gcaitheamh ag na mná nua ar fad sa chomh-aireacht nó ‘Cameron’s cuties’ mar a chuir siad orthu.

Ag caint ar Esther McVey, an tAire Fostaíochta nua, bhí ráite: “No longer shrouded in black tights and cut-off below the knee, Esther is clearly keen to show off her toned legs.”

An raibh a leithéid de rud ann leis na fir nua sa rialtas? Is cinnte nach raibh!

Close
Close