Gradam Ceoil TG4 i gCathair an Chultúir

Oíche spleodrach, spraíúil a bhí ann ag Gradam Ceoil TG4 i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach, ag an deireadh seachtaine.

Bhailigh ceoltóirí agus breathnóirí ó fud fad na tíre chun sár-cheoltóirí an cheoil thradisiúnta a cheiliúradh.

D’fhreastail Meon Eile ar an ócáid chun labhairt le cuid de na buaiteoirí faoina rath – seo chugaibh blaisín den tsiamsaíocht a bhí ar an ardán…

Gradam Ceoil TG4 faoi lán cheoil i gCathair Luimní

Ba é laoch na hoíche ná an Cláiríneach agus máistir an chonsairtín, agus fear a bhfuil beagnach ceithre scór go leith bliain slánaithe aige, Chris Droney.

Bronnadh Gradam Ceoil na bliana ar an bhFeirsteach, Harry Bradley, agus bhí ionadaithe ón gcathair ina theannta chun seit bríomhar polcaí a léiriú don slua.

Tá Gradam Ceoil TG4 ar an saol ó 1998, leis an ócáid ag fás agus ag forbairt bliain i ndiaidh bliana.

Is painéil neamhspleách a roghnaíonn na duaiseoirí, gach duine acu sáite sa cheol tradisiúnta.

I measc na mbuaiteoirí den Ghradam Ceoil thar na bliana tá ceoltóirí aitheanta ar nós Tommy Peoples, Matt Molloy, Liam O’Flynn, Martin Hayes agus Noel Hill.

Beidh Gradam Ceoil TG4 2014 le feiceáil ar TG4 ar Dhomhnach Cásca, 20 Aibreán ag 21:30, agus is fiú go mór súil a chaitheamh air.

Ár mbuíochas le Sibéal Teo. agus TG4 as ucht an fhís den cheolchoirm a chur ar fáil dúinn.

Close
Close