Gradaim Oscar - Cé a bhainfidh?

Gradaim Oscar - Cé a bhainfidh?

Damian McCann

Tá an t-am linn arís a chairde, an tréimhse is tábhachtaí i saol na scannán (bhuel, i saol Hollywood ar aon nós) – Oscar Season.

Sna pictiúrlanna beaga agus na multiplexes fud fad na tíre tá cuid de na scannáin is mó le bliain anuas in iomaíocht lena chéile le haird an phobail a tharraingt.

Tá an liosta deireanach d’ainmniúcháin na ngradam Oscar 2015 fógartha agus, a bheag nó a mhór, tá sé mar a shamhlaigh muid.

Is beag duine nár chuala iomrá, mar shampla, ar a leithéidí Birdman, Boyhood agus American Sniper.

Is dócha gurb é an t-iontas is mó ná an t-athrú mór a tháinig ar an méid aitheantais a tugadh do shaothar Wes Anderson, agus é ag claochlú ó ‘Art-house darling’ go Hollywood lársrutha.

Tá naoi n-ainmniúchán bainte amach aige dá scannán is déanaí The Grand Budapest Hotel, comhoiriúnaithe leis an scannán físiúil eile sin – Birdman.

Is féidir leis an Acadamh suas le deich scannán a ainmniú don chatagóir ‘Scannán is fearr na bliana’, ach i mbliana níor roghnaigh siad ach ocht gcinn.

I measc na scannán atá luaite sa rannóg sin, tá The Theory of Everything – scéal beathaisnéise an eolaí Shasanaigh Stephen Hawking, scannán fá eolaí Sasanach eile, Alan Turing, mar atá i The Imitation Game agus do léar mór daoine an t-íochtarán (agus an ceann is fearr liomsa féin sa chatagóir), Whiplash.

Ach, le beagán dabht is é Boyhood rogha na coitiantachta.

Scannán uaillmhianach atá ann a scannánaíodh thar thréimhse deich mbliana.

Agus an Golden Globe bainte aige an mhí seo caite, is comhartha maith é go mbeidh oíche shásúil ag an stiúrthóir Richard Linklater ar an 22ú Feabhra.

Más amhlaidh go mbaineann sé, léireoidh sé arís eile go bhfuil an tAcadamh (agus thiocfadh leat a rá, an pobal i gcoitinne) ag bogadh níos mó i dtreo scannáin neamhspleácha.

Smaoinigh siar go dtí an t-am seo anuraidh nuair a bhí 12 Years a Slave ar an bhuaiteoir ba mhó ag an ócáid.

Fadó, ba iad na scannáin stiúideo a rialaigh agus, go sonrach, na beathaisnéisí móra.

Bhí lá ann nuair a bheadh seans maith ag aisteoirí dá mba rud é gur ghlac siad ról doiligh d’fhíordhuine stairiúil (chuimhnigh ar Daniel Day-Lewis / My Left Foot i ’89 nó Ben Kingsley / Gandhi i ’82).

Is dócha gurb é sin an fáth a bhfuil cuid mhaith daoine den bharúil gur gonc atá san easpa ainmniúchán do stiúrthóir agus do phríomhaisteoir Selma i mbliana.

Cé go bhfuil aitheantas bainte amach acu ag comórtais eile ar fud an domhain, níor thug an tAcadamh ach dhá ainmniúchán dó – ‘Scannán is fearr’ agus ‘Amhrán is fearr’ na bliana.

Agus muid ag caint ar amhráin, cé go bhfuil cuid mhaith daoine thar bheith sásta go bhfuil “Everything is Awesome” ón Lego Movie luaite ar an liosta, is mór an t-iontas é nach raibh an scannán féin luaite i gcatagóir na beochana.

Bhí ráchairt an-mhór air, ní amháin i mbéal an phobail ach go criticiúil freisin.

Sin ráite ní shíltear go mbeidh mórán ón tír seo ag gearán, de bhrí go bhfuil scannán dár gcuid féin luaite ar an liosta sin – Song of the Sea, ó Tom Moore, an stiúrthóir céanna a rinne The Secret of Kells roinnt blianta ó shin.

Taobh leis an ghearrscannán Boogaloo and Graham ó thuaisceart na tíre, níl ach dhá scannán againn sa rás.

Agus príomhscannáin á n-eisiúint ag Michael Lennox (a rinne Boogaloo and Graham) agus ag Stephen Fingleton (a rinne SLR, a bhí ar fhadliosta na nOscar) i mbliana áfach, an bhfuil ré órga na scannán Éireannach (agus Uladh) ar tí tosú?

Beidh ort amharc ar an ócáid Dé Domhnaigh seo le fáil amach má bhíonn an t-ádh ar na hiontrálacha Éireannacha ach, idir an dá linn, seo mo réamh-mheasa féin ar na rannóga eile:

Scannán is Fearr

American Sniper


Birdman


Boyhood


The Grand Budapest Hotel


The Imitation Game


Selma


The Theory of Everything


Whiplash

 

Bainfidh sé: Boyhood

Ba chóir go mbainfeadh sé: Whiplash

Ba chóir go raibh sé ainmnithe: Interstellar

 

Stiúrthóir is Fearr

Alejandro G Iñárritu (Birdman)

Richard Linklater (Boyhood)

Bennett Miller (Foxcatcher)

Wes Anderson (The Grand Budapest Hotel)

Morten Tyldum (The Imitation Game)

 

Bainfidh sé: Richard Linklater (Boyhood)

Ba chóir go mbainfeadh sé: Alejandro G Iñárritu (Birdman)

Ba chóir go raibh sé ainmnithe: David Fincher (Gone Girl)

 

Ban-aisteoir is Fearr

Marion Cotillard (Two Days,One Night)

Felicity Jones (The Theory of Everything)

Julianne Moore (Still Alice)

Rosamund Pike (Gone Girl)

Reese Witherspoon (Wild)

 

Bainfidh sí: Julianne Moore (Still Alice)

Ba chóir go mbainfeadh sí: Julianne Moore (Still Alice)

Ba chóir go raibh sí ainmnithe: Scarlett Johansson (Under the Skin)

 

Aisteoir is Fearr

Steve Carell (Foxcatcher)

Bradley Cooper (American Sniper)

Benedict Cumberbatch (The Imitation Game)

Michael Keaton (Birdman)

Eddie Redmayne (The Theory of Everything)

 

Bainfidh sé: Eddie Redmayne

Ba chóir go mbainfeadh sé: Eddie Redmayne

Ba chóir go raibh sé ainmnithe: Jake Gyllenhaal (Nightcrawler)

 

Aisteoir Taca is Fearr

Robert Duvall (The Judge)

Ethan Hawke (Boyhood)

Edward Norton (Birdman)

Mark Ruffalo (Foxcatcher)

JK Simmons (Whiplash)

 

Bainfidh sé: JK Simmons (Whiplash)

Ba chóir go mbainfeadh sé: JK Simmons (Whiplash)

Ba chóir go raibh sé ainmnithe: Josh Brolin (Inherent Vice)

 

Ban-aisteoir Taca is Fearr

Patricia Arquette (Boyhood)

Laura Dern (Wild)

Keira Knightley (The Imitation Game)

Emma Stone (Birdman)

Meryl Streep (Into the Woods)

 

Bainfidh sé: Patricia Arquette (Boyhood)

Ba chóir go mbainfeadh sé: Emma Stone (Birdman)

Ba chóir go raibh sé ainmnithe: Tilda Swinton (Snowpiercer)

 

Scannán is Fearr i dTeanga Iasachta

Ida

Leviathan


Tangerines


Timbuktu

Wild Tales

 

Bainfidh sé: Leviathan


Ba chóir go mbainfeadh sé: Ida

Ba chóir go raibh sé ainmnithe: Force Majeure

 

Cineamatagrafaíocht is Fearr

Birdman

The Grand Budapest Hotel


Ida


Mr Turner


Unbroken

 

Bainfidh sé: Birdman

Ba chóir go mbainfeadh sé: Birdman

Ba chóir go raibh sé ainmnithe: Hoyte van Hoytema (Interstellar)

 

Gnéchlár Faisnéise is Fearr

CitizenFour


Finding Vivian Maier


Last Days in Vietnam


The Salt of the Earth


Virunga

 

Bainfidh sé: CitizenFour

Ba chóir go mbainfeadh sé: CitizenFour

Ba chóir go raibh sé ainmnithe: Life Itself

Close
Close