Gnó úr Gaeilge oscailte in Ard Mhacha

Tá gnó úr Gaeilge tosaithe ag an ghrúpa pobail, Cairde Teo i gCathair Ard Mhacha, agus táthar ag díol táirgí ó cheardaithe Gaeilge atá lonnaithe mórthimpeall Chúige Uladh.

Is i gcroílár na cathrach atá an gnó lonnaithe agus fostaíocht á cur ar fáil ann do cheathrar, beag beann ar dheontas.

Bunaíodh Cairde Teoranta cúig bliana ó shoin agus é mar sprioc ag an ghrúpa fóras sóisialta agus stádas gnó a thabhairt don Ghaeilge i gCathair Ard Mhacha.

Tá siad ag obair i gcuideachta eagrais chultúrtha sa chontae, leithéidí Chleamairí Ard Mhacha, Coláiste Chaitríona agus Bothán na bhFear chun gréasán Gaelach na cathrach a fhorbairt.

Agus iad ag ceiliúradh cúig bliana a mbunaithe, thug Meon Eile cuairt ar oscailt ‘Seacht’ ar na mallaibh le hobair mhuintir Ard Mhacha a fhiosrú…

Cairde Teo
Close
Close